Treoir don Chlárú ar Líne - Do Mhic Léinn na Chéad Bhliana

Teideal an Chúrsa

Sonraí teagmhála i gcás éigeandála Tabhair ainm agus uimhir theileafóin duine a bhféadfaimis teagmháil a dhéanamh leis nó léi i gcás éigeandála. Táillí Caithfear gach ceist faoi Tháillí a sheoladh chuig Oifig na dTáillí a bhfuil a gcuid sonraí le fáil anseo . Seoladh le linn an Téarma: Is féidir do sheoladh le linn an téarma (an áit a mbeidh tú ag fanacht i nGaillimh) a leasú faoin táb Profile.

Seo samplaí de theidil chúrsaí: Baitsiléir sna Dána nó Baitsiléir san Eolaíocht etc. Tuilleadh eolais anseo . Cúrsa TLC TLC100 - Is áis scileanna acadúla an tIonad Foghlama ar Blackboard a ndéantar gach mac léinn chéad bhliana a chlárú air go huathoibríoch. Baineann sé leis an Ionad Scileanna Acadúla. Cliceáil anseo . Cad atá i gceist le mo Chuntas Campais? - CASS (Cuntas TF)? Uimhir aitheantais ar leith (d'uimhir CAO, nó d’uimhir Mic Léinn anois) agus pasfhocal ar leith atá i gceist le dintiúirí do Chuntais Campais (Cuntas TF). Tugann na dintiúirí seo rochtain ar na nithe seo a leanas duit: Ríomhlanna, WiFi, MicrosoftOffice 365 (Rphost, Word, Excel, OneDrive), Blackboard, Córais na Leabharlainne, Clárú Féinseirbhíse, MyCampus, Socrúchán Oibre, Amchláir Scrúduithe, Torthaí Scrúduithe Chun do Chuntas Campais a chur ag obair, cliceáil anseo . Cliceáil anseo le heolas afháil faoi na seirbhísí TF atá ar fáil in OÉ Gaillimh.

Rphost pearsanta agus Fón Póca

Bí cinnte go gcuireann tú do sheoladh rphoist pearsanta agus uimhir d’fhón póca le do Phróifíl. Uimhir SUSI (más cuí) Is é SUSI an t-údarás dámhachtana atá anois ann do mhic léinn nua ar mian leo iarratas a dhéanamh ar dheontas. Tosaíonn uimhir thagartha SUSI le Wagus bíonn 12 uimhir ina dhiaidh sin . Cód an Chúrsa Úsáideann tú cód CAO an chúrsa agus tú ag déileáil leis an Oifig Iontrála, ach úsáidfidh tú cód an chúrsa agus tú ag déileáil leis an Oifig Clárúcháin mar shampla; 1BA1 (Baitsiléir sna Dána). Tuilleadh eolais anseo .

Dearmad déanta agat ar do Phasfhocal?

Má chuir tú do chuntas ag obair cheana ach má tá dearmad déanta agat ar do phasfhocal - cliceáil ar CASS chun tuilleadh eolais afháil. Déan teagmháil le Deasc Eolais na Leabharlainne agus TF má bhíonn aon deacracht agat.

Powered by