Treoir don Chlárú ar Líne - Do Mhic Léinn na Chéad Bhliana

Cad atá i gceist le clárú? Is é atá i gceist le clárú ná bailiú agus cothabháil shonraí na mac léinn. Ní mór do gach mac léinn in OÉ Gaillimh clárú gach bliain le bheith ina m(h)ac léinn san Ollscoil. Céim éigeantach atá ann. Clárú ar Líne Tugann clárú ar líne saoirse don mhac léinn clárú ar chúrsa agus na táillí a íoc ar líne chomh maith www.nuigalway.ie/reg Ainm úsáideora/ID Is ionann d’ainm úsáideora/ID agus d’uimhir CAO - agus beidh an uimhir sin mar uimhir aitheantais mic léinn duit in OÉ Gaillimh as seo amach.

Téarmaí agus Coinníollacha Tuigeann gach mac léinn a chláraíonn le OÉ Gaillimh go bhfuil siad ag glacadh leis go bhfuil siad sásta cloí le rialacha agus rialacháin uile na hOllscoile is infheidhme do na mic léinn. Cliceáil ar ‘ Terms & Conditions ’ ar ár suíomh gréasáin www.nuigalway.ie/reg chun tuilleadh eolais afháil. Náisiúntacht

Tír do bhreithe.

Sainchónaí

Tagraíonn sainchónaí don tír ina raibh seoladh buan agat sular thug tú faoin gclár staidéir. Mar shampla, má thagann duine ón bPolainn go hÉirinn coicís sula dtosaíonn sé cúrsa ardoideachais, is í an Pholainn an tír ina bhfuil buanchónaí air nó uirthi cé go bhfuil seoladh comhfhreagrais in Éirinn aige nó aici. Is í Éire a bheadh mar Thír Bhunaidh ag mic léinn a raibh cónaí orthu in Éirinn ar feadh 3 bliana nó níos mó roimh thús an chúrsa. Ní féidir le Tír Bhunaidh an mhic léinn athrú le linn a t(h)réimhse staidéir. Uimhir PPS Tabhair d’uimhir PPS . Is riachtanas de chuid an ÚAO é seo.

Pasfhocal

I gcás mac léinn nua, nó murar chuir tú do chuntas ag obair go dtí seo; is é do phasfhocal an focal Galway (g beag) agus na chéad 4 uimhir de do dháta breithe (san fhormáid llmm e.g. galway3101 ) Ceisteanna chuig: servicedesk@nuigalway.ie Cláraigh anseo Agus tú logáilte isteach ar an leathanach ‘Courses’, cliceáil ar ‘ Register Here ’ agus cuirfear tús leis an bpróiseas clárúcháin.

Powered by