Treoir don Chlárú ar Líne - Do Mhic Léinn na Chéad Bhliana

Treoir don Chlárú ar Líne - Do Mhic Léinn na Chéad Bhliana 2020/2021

Treoir don Chlárú ar

Líne 2021/2022

Do Mhic Léinn na Chéad Bhliana

www.nuigalway.ie/registration

Clár

Fáilte ón Uachtarán

Dátaí Tábhachtacha

Profile Cad ba cheart a dhéanamh anois?

Conas Clárú – céim ar chéim

REGISTER

COURSES

FINANCE

PROFILE

LOGOUT

PRINT

Personal Information

Cabhair leis an gclárú

Gluais

Foireann Tacaíochta OÉ Gaillimh

Seicliosta

Fáilte ón Uachtarán

A mhac léinn, a chara,

Tá an-áthas orm fáilte a chur romhat mar mhac léinn in OÉ Gaillimh. Tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh agus tairbhe as an am a chaithfidh tú anseo.

Tugtar treoir faoin bpróiseas clárúcháin sa treoir seo.

Molaim duit go láidir an treoir seo a léamh go cúramach. Gheobhaidh tú freagraí anseo ar go leor ceisteanna a d’fhéadfadh a bheith agat ag an bpointe seo, chomh maith le treoracha tábhachtacha faoin bpróiseas clárúcháin in OÉ Gaillimh. Chomh maith leis sin, tá neart ábhar agus comhairle a chabhróidh leat sa chéad bhliain le fáil ar an suíomh gréasáin www.nuigalway.ie/startinguniversity . Guím gach rath ort i do chuid staidéir anseo in OÉ Gaillimh.

Mise le meas,

An tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh Uachtarán

Dátaí Tábhachtacha Seimeastar 1 2021

Osclaíonn an clárú ar líne - Clárú do do chúrsa agus do mhodúil

Dúnann an clárú ar líne - Clárú do do chúrsa agus do mhodúil

10 Meán Fómhair

8 Deireadh Fómhair

Mic léinn nua sa chéad bhliain - Fochéimithe

Mic léinn nua sa chéad bhliain Dúnann an clárú ar líne

DÁTAÍ ACADÚLA

Clárú in OÉ Gaillimh – Clárú/Clárlann

Céim 1

Logáil isteach chun clárú

REGISTER

Téigh chuig Tairseach Chlárúcháin OÉ Gaillimh ag www.nuigalway.ie/reg Cliceáil ar an gcnaipe ‘ Register Here ’

Mic léinn neamh - AE amháin Ní mór duit dul i dteagmháil le hOifig na dTáillí sula gcláraíonn tú. Socraigh cúrsaí táillí agus ansin is

Mic léinn neamh - AE

Username Password

féidir leat clárú AR LÍNE. Tuilleadh eolais anseo.

Mic léinn AE

Teastóidh na nithe seo a leanas ó gach Mac Léinn: D’uimhir CAO, a bheidh mar ‘ ainm úsáideora ’ agat (d’uimhir aitheantais mic léinn OÉ Gaillimh as seo amach) ‘ Pasfhocal ’ ar ionann é agus ‘galwayllmm’, is é sin an focal ‘galway’ (‘g’ beag) agus dáta agus mí do bhreithe. E.g. ‘galway2101’ Sa chás gur fhreastail tú ar OÉ Gaillimh roimhe seo, ní mór duit an tseanuimhir aitheantais mic léinn OÉ Gaillimh a bhí agat roimhe seo a úsáid.

Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil.

Céim 2

Cuir tús leis an bpróiseas clárúcháin chun a dhearbhú gombeidh tú cláraithe

Fáilte chuig leathanach próifíle do chúrsa Tá do shonraí mic léinn agus sonraí do chúrsa le fáil ar an leathanach seo:

Student Name Course Information Start and End Dates

Cód an Chúrsa Cód an Chúrsa chun tuilleadh eolais a fháil faoi: NUIG/GY (CAO) – Cliceáil anseo

COURSES

FINANCE

PROFILE

LOGOUT

PRINT

COURSE

COURSES

BC- XXXX REGISTER HERE

Bachelor of Commerce

YEAR: 1 ACADEMICYEAR: - STRUCTURE LEVEL: 1 START/END: - MODE OF STUDY: Full Time STATUS: Pre-registered FEE CATEGORY: EU Undergraduate LOCATION: NUIG STREAM: BC1 Bachelors of Commerce

Stádas: Pre-registered/Réamhchláraithe - Níl tú cláraithe mar mhac léinn in OÉ Gaillimh go fóill Cliceáil ar an gcnaipe ‘Register here’ agus cuirfear tús le próiseas clárúcháin do chúrsa. • Mura bhfuil ‘ Register here ’ le feiceáil, cliceáil anseo .

Ar thug tú aon bhotúin faoi deara ar leathanach do chúrsa? Cliceáil anseo

Aontaigh leis na téarmaí agus na coinníollacha

Céim 3

A luaithe is atá “ Terms and Conditions ” léite agat, ba cheart duit tic a chur sa ticbhosca. Mura nglacann tú leis na “ Terms and Conditions ”, ní bheidh tú in ann dul níos faide le d’iarratas.

An aontaíonn tú leis na Téarmaí & Coinníollacha Aontaím

Yes I agree

Cliceáil anseo le haghaidh T&C

OÉ Gaillimh: Eolas faoi COVID-19

Coimeádann an Ollscoil an ceart tairiscintí cúrsa, siollabais, modhanna seachadta cúrsaí, scrúduithe, táillí, rialacháin nó rialacha a leasú nó modúil a chur in ionad modúil eile de bharr COVID-19 nó de bharr aon chúinsí eile nach mbeidh smacht réasúnach ag an Ollscoil orthu. Cloífidh an Ollscoil le treoirlínte an rialtais agus leis an gcomhairle sláinte poiblí ina leith seo. Má tharlaíonn a leithéid, cuirfidh ranna ábhartha na hOllscoile eolas ar fáil duit a luaithe agus is féidir. Iarraimid ort a bheith foighneach agus muid ar fad ag treabhadh linn le chéile sa tréimhse chorrach seo. Tá tuilleadh eolais le fáil anseo: nuigalway.ie/alert

COVID-19 – OÉ Gaillimh: Cliceáil anseo

Céim 4 Nuashonraigh do chuid sonraí Sa chuid seo, ní mór duit an t-eolas sna réimsí a bhfuil * éigeantach in aice leo a nuashonrú. Seoladh Baile:

Seoladh Téarma: Is éard is seoladh le linn an téarma ann an áit a mbeidh cónaí ort inti i gcaitheamh na bliana acadúla. I gcás mac léinn neamh-AE de, tá sé tábhachtach seoladh téarma a sholáthar nuair a thagann tú go hÉirinn, le go bhfaighidh tú do chárta aitheantais.

Is éard is seoladh baile ann teach do theaghlaigh nó seoladh a ndéanann tú cónaí ann taobh amuigh de thréimhse théarma na hollscoile. Cuirfear gach comhfhreagras poist de chuid OÉ Gaillimh chuig an seoladh poist seo. i.e. cárta aitheantais mic léinn, iarratais ar thras-scríbhinn, etc.

Country* Address* City* Postcode (Eircode)*

Country* Address* City* Postcode (Eircode)* Mobile* Email*

Céim 5

Sonraí pearsanta a nuashonrú

Sa chuid seo, ní mór nuashonrú a dhéanamh ar na réimsí atá marcáilte le:

Nationality* Domicile* Residence while at college* Student PPS Number (Irish residents)* Emergency Contact Name Emergency Contact number Religion Most recent 3rd level institution attended Award Year Awarded

Éigeantach* Iarrtha Más cuí

Mura dtuigeann tú aon cheann de na téarmaí atá ar an liosta Sonraí Pearsanta, féach sa ghluais atá ag deireadh na treorach.

Céim 6

Grianghraf a uaslódáil

Cad a theastaíonn? Ní mór duit grianghraf díot féin a uaslódáil anois le haghaidh do chárta aitheanatais mic léinn OÉ Gaillimh. Déan cinnte go bhfuil an íomhá: Ar ardcháilíocht Ar mhéid grianghraif pas Is féidir ‘féinín’ a thógáil ar d’fhón/do tháibléad Ní mór an grianghraf a thógáil go hingearach (Ná cas an gléas chun grianghraf tírdhreacha a thógáil mar ní féidir é a choigeartú tar éis é a uaslódáil) Tá tuilleadh eolais faoi íomhánna inghlactha ar fáil ach cliceáil anseo Conas é a dhéanamh? • Cliceáil ‘ Browse ’ chun an íomhá ar do PC/gléas leictreonach a aimsiú • Cliceáil ar do ghrianghraf chun é a oscailt • Bearr an grianghraf • Brúigh ‘ Upload ’ Tabhair faoi deara! Ní mór duit grianghraf díot féin a uaslódáil faoin 20 Meán Fómhair 2021 . Mura ndéanann tú grianghraf díot féin a uaslódáil nó má dhéanann tú drochghrianghraf nó ceann nach bhfuil oiriúnach a uaslódáil, cuirfear moill ar do Chárta Aitheantais Mic Léinn. Fíorú agus Seachadadh an Chárta Aitheantais Tá tuilleadh eolais anseo faoi fhíorú an Chárta Aitheantais agus faoin mbealach a bhfaighidh tú do Chárta Aitheantais Mic Léinn.

PORTRÁID

TIRDHREACH

Fadbhanna le d’íomhá a uaslódáil? r: regphotos@nuigalway.ie

Céim 7

Táillí a íoc

D’fhonn a bheith cláraithe mar mhac léinn, ní mór duit na táillí cuí a íoc. Chun tuilleadh a fháil amach faoi na táillí is gá duit a íoc,

Cliceáil anseo

Tabharfaidh na 6 cheist a chuirfear ort ag an gcéim seo eolas duit maidir le méid na dtáillí a bheidh le híoc agat. Mura bhfuil tú in ann dul thar an gcéim seo, gheobhaidh tú treoir faoi dul i dteagmháil le hOifig na dTáillí. Agus freagra tugtha agat ar na ceisteanna go léir, déanfar do chuid táillí a ríomh bunaithe ar do chuid freagraí. Seo na táillí is gá duit a íoc ar líne nó le gíoró bainc. Má thug tú ‘ Yes ’ mar fhreagra ar an gCeist faoi mhaoiniú SUSI, ní mór duit SUSI a roghnú ón roghchlár anuas agus d’uimhir SUSI a chur isteach san fhormáid WXXXXXXXXXXXX. Roghnaigh ' Íoc Anois ' chun do chuid táillí a íoc. Osclófar leathanach sláníocaíochta agus féadfaidh tú sonraí do chárta creidmheasa/dochair a chur isteach. Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil

Meastachán ar an Táille

Céim 8

Líon an Suirbhé um Chothroime Rochtaine an ÚAO

Iarrann an ÚAO (an tÚdaras um Ard-Oideachas) orainn suirbhé a chur ar mhic léinn thar a gceann chun eolas a bhailiú faoina gcúlra sóisialta, eacnamaíochta agus cultúrtha nuair a chláraíonn siad. Tá an suirbhé faoi rún agus seoltar na freagraí ar ais chuig an ÚAO gan ainm ná seoladh. Féach http://hea.ie/ chun tuilleadh eolais a fháil. Lean ar aghaidh agus líon suirbhé an ÚAO ar líne anois. Conas an clárú a chríochnú Agus an suirbhé déanta agat cliceáil ar an gcnaipe ‘ Finish ’ Tabharfar ar ais chuig an leathanach ‘ Courses ’ thú Beidh do stádas athraithe anois ó ‘ Pre-registered ’ go ‘ Registered ’

COMHGHAIRDEAS! Is mac léinn cláraithe de chuid OÉ Gaillimh anois tú.

An ndearna tú dearmad do chuid Sonraí Pearsanta a chur isteach? Chun d’uimhir PPS nó do chuid sonraí teagmhála i gcás éigeandála a chur isteach, add in logáil isteach ar Thairseach na Mac Léinn agus cliceáil ar an táb ‘ Profile ’. An dteastaíonn ráiteas uait ag dearbhú go bhfuil tú cláraithe? TAIRSEACH NAMAC LÉINN

DEASC CHABHRACH CHLÁRLANN NAMAC LÉINN

Nuair a bheidh tú cláraithe, beidh tú in ann ráiteas cláraithe a phriontáil trí chliceáil ar an gcnaipe ‘ Proof of Registration ’ ar an leathanach ‘ Courses ’ agus/nó ar an leathanach ‘ Profile ’ ar do Thairseach Mic Léinn.

Chun ráitis chláraithe ar leith a fháil, chun an t-ainm nó an seoladh a athrú, nó má tá bailíochtú le déanamh ar fhoirmeacha nó má tá siad le stampáil, cliceáil anseo

Cad ba cheart a dhéanamh anois?

1

Deis do Phróifíl a Nuashonrú:

Nuashonraigh an seoladh a bheidh agat i rith an téarma Cá mbeidh tú ag fanacht i nGaillimh i rith na bliana? Seol do sheoladh ríomhphoist nua nó athrú ar do sheoladh ríomhphoist Cliceáil anseo (e.g. )

COURSES

FINANCE

PROFILE

Pro fi le

Personal Informa ti on

Cuir isteach d’uimhir theagmhála phearsanta 08x 12345667

Edit

NAME: Reg Test36 ID NUMBER: 20889263 DATE OF BIRTH: 09 JUN 1991 GENDER: F PPS NUMBER: EMERGENCY CONTACT:

Cuir isteach d’uimhir SUSI (más cuí) WXXXXXXXXXXXX

Edit

Uaslódáil grianghraf Mura bhfuil sé déanta agat go dtí seo

Home Address ADDRESS: PHONE NUMBER: MOBILE NUMBER: EMAIL ADDRESS: Term Address ADDRESS: PHONE NUMBER: MOBILE NUMBER: EMAIL ADDRESS:

Éirchód Seol d’Éirchód ar rphost chuig registration@nuigalway.ie mura bhfuil sé le feiceáil le do sheoladh baile.

Editing Bank Account Details Any queries should be directed to fees@nuigalway.ie

Edit

An dteastaíonn tuilleadh cabhrach uait? Cliceáil anseo

Cad ba cheart a dhéanamh anois?

2

Do Mhodúil a Roghnú

1

Sula roghnaíonn tú do mhodúil: - Téigh chuig an seisiún eolais faoi mhodúil le linn na seachtaine eolais - Léigh aon ábhar faoin gcúrsa atá ar fáil - Cliceáil anseo chun bileog eolais a fháil faoi conas do churaclam céad bhliana a chur le chéile. Do mhodúil a roghnú: Cliceáil ar ‘ SELECT SUBJECT/MODULES ’ ar leathanach do chúrsa. Féach ar an bhfíseán maidir le modúil a chur leis/a scriosadh Do mhodúil a dhearbhú: Agus na modúil roghnaithe agat tá sé an-tábhachtach ‘Confirm’ a bhrú agus leanúint ar aghaidh go ‘Finish’ Rochtain ar Blackboard: Nuair a bheidh na modúil roghnaithe agat, beidh rochtain agat orthu 24 uair a chloig ina dhiaidh sin ar Blackboard. Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais faoi Blackboard a fháil.

2

3

Roghnaigh do mhodúil

3

Do Chuntas Campais a chur ag obair - CASS (cuntas TF)

A luaithe is a bheidh tú cláraithe, ba cheart duit do Chuntas Campais (CASS) a chur ag obair láithreach. Tá an chéim seo an-tábhachtach .

NÍ MÓR duit do phasfhocal a athrú chun do chuntas a dhaingniú. Caithfidh do phasfhocal a bheith alfa-uimhriúil, 8 gcarachtar ar a laghad, agus caithfidh cás uachtair, cás íochtair agus saincharachtar a bheith ann, e.g. Farra12ige&.

Cliceáil anseo chun do Chuntas Campais a chur ag obair

Ní féidir leat logáil isteach? Ar díchumasaíodh do chuntas? An bhfuil cabhair ag teastáil uait? Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais faoi na seirbhísí TF atá ar fáil in OÉ Gaillimh a fháil.

Tacaíocht le Clárú

Conas teagmháil a dhéanamh linn

Fón

Ríomhphost

091 494949

Línte fóin: Oscailte: 18 Lúnasa 2021 Dúnta: 8 Deireadh Fomhair 2021

registration@nuigalway.ie regphotos@nuigalway.ie

Uaireanta Oscailte do cheisteanna fóin agus ríomhphoist: Luan go hAoine: 9:00 rn - 1.00 in / 2:00 in - 5:00 in

De bharr Covid-19 níl sé ar ár gcumas an deasc chabhrach gan coinne a chur ar fáil. Má thagann aon athrú ar an socrú sin, cuirfear in iúl ar ár láithreán gréasáin é anseo. Faoi láthair, tá oifigí Clárúcháin dúnta. Tá an fhoireann cumasaithe le bheith ag obair ó chian agus táimid ar fáil ar ríomhphost nó ar an nguthán.

registration@nuigalway.ie | regphotos@nuigalway.ie

Cad atá i gceist le clárú? Is é atá i gceist le clárú ná bailiú agus cothabháil shonraí na mac léinn. Ní mór do gach mac léinn in OÉ Gaillimh clárú gach bliain le bheith ina m(h)ac léinn san Ollscoil. Céim éigeantach atá ann. Clárú ar Líne Tugann clárú ar líne saoirse don mhac léinn clárú ar chúrsa agus na táillí a íoc ar líne chomh maith www.nuigalway.ie/reg Ainm úsáideora/ID Is ionann d’ainm úsáideora/ID agus d’uimhir CAO - agus beidh an uimhir sin mar uimhir aitheantais mic léinn duit in OÉ Gaillimh as seo amach.

Téarmaí agus Coinníollacha Tuigeann gach mac léinn a chláraíonn le OÉ Gaillimh go bhfuil siad ag glacadh leis go bhfuil siad sásta cloí le rialacha agus rialacháin uile na hOllscoile is infheidhme do na mic léinn. Cliceáil ar ‘ Terms & Conditions ’ ar ár suíomh gréasáin www.nuigalway.ie/reg chun tuilleadh eolais afháil. Náisiúntacht

Tír do bhreithe.

Sainchónaí

Tagraíonn sainchónaí don tír ina raibh seoladh buan agat sular thug tú faoin gclár staidéir. Mar shampla, má thagann duine ón bPolainn go hÉirinn coicís sula dtosaíonn sé cúrsa ardoideachais, is í an Pholainn an tír ina bhfuil buanchónaí air nó uirthi cé go bhfuil seoladh comhfhreagrais in Éirinn aige nó aici. Is í Éire a bheadh mar Thír Bhunaidh ag mic léinn a raibh cónaí orthu in Éirinn ar feadh 3 bliana nó níos mó roimh thús an chúrsa. Ní féidir le Tír Bhunaidh an mhic léinn athrú le linn a t(h)réimhse staidéir. Uimhir PPS Tabhair d’uimhir PPS . Is riachtanas de chuid an ÚAO é seo.

Pasfhocal

I gcás mac léinn nua, nó murar chuir tú do chuntas ag obair go dtí seo; is é do phasfhocal an focal Galway (g beag) agus na chéad 4 uimhir de do dháta breithe (san fhormáid llmm e.g. galway3101 ) Ceisteanna chuig: servicedesk@nuigalway.ie Cláraigh anseo Agus tú logáilte isteach ar an leathanach ‘Courses’, cliceáil ar ‘ Register Here ’ agus cuirfear tús leis an bpróiseas clárúcháin.

Teideal an Chúrsa

Sonraí teagmhála i gcás éigeandála Tabhair ainm agus uimhir theileafóin duine a bhféadfaimis teagmháil a dhéanamh leis nó léi i gcás éigeandála. Táillí Caithfear gach ceist faoi Tháillí a sheoladh chuig Oifig na dTáillí a bhfuil a gcuid sonraí le fáil anseo . Seoladh le linn an Téarma: Is féidir do sheoladh le linn an téarma (an áit a mbeidh tú ag fanacht i nGaillimh) a leasú faoin táb Profile.

Seo samplaí de theidil chúrsaí: Baitsiléir sna Dána nó Baitsiléir san Eolaíocht etc. Tuilleadh eolais anseo . Cúrsa TLC TLC100 - Is áis scileanna acadúla an tIonad Foghlama ar Blackboard a ndéantar gach mac léinn chéad bhliana a chlárú air go huathoibríoch. Baineann sé leis an Ionad Scileanna Acadúla. Cliceáil anseo . Cad atá i gceist le mo Chuntas Campais? - CASS (Cuntas TF)? Uimhir aitheantais ar leith (d'uimhir CAO, nó d’uimhir Mic Léinn anois) agus pasfhocal ar leith atá i gceist le dintiúirí do Chuntais Campais (Cuntas TF). Tugann na dintiúirí seo rochtain ar na nithe seo a leanas duit: Ríomhlanna, WiFi, MicrosoftOffice 365 (Rphost, Word, Excel, OneDrive), Blackboard, Córais na Leabharlainne, Clárú Féinseirbhíse, MyCampus, Socrúchán Oibre, Amchláir Scrúduithe, Torthaí Scrúduithe Chun do Chuntas Campais a chur ag obair, cliceáil anseo . Cliceáil anseo le heolas afháil faoi na seirbhísí TF atá ar fáil in OÉ Gaillimh.

Rphost pearsanta agus Fón Póca

Bí cinnte go gcuireann tú do sheoladh rphoist pearsanta agus uimhir d’fhón póca le do Phróifíl. Uimhir SUSI (más cuí) Is é SUSI an t-údarás dámhachtana atá anois ann do mhic léinn nua ar mian leo iarratas a dhéanamh ar dheontas. Tosaíonn uimhir thagartha SUSI le Wagus bíonn 12 uimhir ina dhiaidh sin . Cód an Chúrsa Úsáideann tú cód CAO an chúrsa agus tú ag déileáil leis an Oifig Iontrála, ach úsáidfidh tú cód an chúrsa agus tú ag déileáil leis an Oifig Clárúcháin mar shampla; 1BA1 (Baitsiléir sna Dána). Tuilleadh eolais anseo .

Dearmad déanta agat ar do Phasfhocal?

Má chuir tú do chuntas ag obair cheana ach má tá dearmad déanta agat ar do phasfhocal - cliceáil ar CASS chun tuilleadh eolais afháil. Déan teagmháil le Deasc Eolais na Leabharlainne agus TF má bhíonn aon deacracht agat.

AG TOSÚ SAN OLLSCOIL Féach ar ‘Orientation Week’ ar láithreán gréasáin OÉ Gaillimh

Ag Tosú San Ollscoil

Tuilleadh comhairle uait? Tá cuidiú le fáil ó na foirne tacaíochta eile

ACCESS CENTRE

DISABILITY SUPPORT SERVICES STUDENT REGISTRY HELPDESK

MATURE STUDENTS

FEES

ISS SERVICE DESK

LIBRARY

STUDENT SERVICES

ADMISSIONS

Seicliosta

Déanta?

Clárú ar líne Grianghraf a Uaslódáil

Uimhir SUSI a chur isteach (más cuí) Do chuid Sonraí Pearsanta a nuashonrú D’uimhir PPS curtha isteach agat (más cuí) ? D’Éirchód baile seolta chuig registration@nuigalway.ie (más cuí) ? Sonraí teagmhála i gcás éigeandála a chur isteach Do sheoladh rphoist pearsanta a chur isteach Do sheoladh i rith an téarma a chur isteach

Do chuid táillí a íoc Suirbhé an ÚAO Do Chuntas Campais (CASS) a shocrú

*Chun críche faisnéise amháin atá ábhar an leabhráin seo agus ní mheasfar gur bonn conartha é idir OÉ Gaillimh agus iarrthóir nó aon tríú páirtí eile. Cé go ndearnadh tréaniarracht cruinneas na faisnéise san fhoilseachán seo a chinntiú, coimeádann an Ollscoil an ceart aon chúrsa, siollabas, scrúdú, dáta, táille, rialachán, riail nó ordú a athrú, a leasú nó a scriosadh tráth ar bith, gan fógra a thabhairt.

Page 1 Page 2 Page 3 Page 4 Page 5 Page 6 Page 7 Page 8 Page 9 Page 10 Page 11 Page 12 Page 13 Page 14 Page 15 Page 16 Page 17 Page 18

www.nuigalway.ie

Powered by