GMIT Prospectus 2022/23

Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána Tá roinnt clár oideachais agus oiliúna ag Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo (GMIT) a éilíonn ar mhic léinn socrúcháin a dhéanamh le háisínteachtaí seachtracha, rud a chuir fi dh i dteagmháil le páistí agus le daoine lánfhásta soghonta iad agus a mbeidh orthu poist fhreagrachta a ghlacadh iontu. Éilíonn GMIT maidir le hiarratasóirí ar na cláir atá ar an liosta thíos (tá an liosta seo faoi réir ag athbhreithniú de réir mar a mheasfar gá leis) go ndéanfadh an Garda Síochána grinnfhiosrú ina dtaobh sula gcuir fi dh siad a gclárú i gcríoch go hiomlán mar mhic léinn de chuid na hInstitiúide. • Baitsiléir Oideachais (Onóracha) Ealaín, Dearadh agus Grafaicí • Baitsiléir Eolaíochta (Onóracha) in Oideachas (Grafaic Dheartha agus Foirgníochta)

• Baitsiléir Eolaíochta (Onóracha) in Altranas Ginearálta • Baitsiléir Eolaíochta (Onóracha) in Altranas Síciatrach • BA (Onóracha) sa Chúram Sóisialta Feidhmeach • BA sa Chúram Sóisialta Feidhmeach • BA (Onóracha) i gCúram agus Oideachas na Luath-Óige • BA i gCúram agus Oideachas na Luath-Óige

• Ardteastas i gCúram agus Oideachas na Luath-Óige • BA (Onóracha) i bhForbairt Pobail agus Obair don Ógra. • BA i bhForbairt Pobail agus Obair don Ógra. • Baitsiléir Eolaíochta (Onóracha) in Eolaíocht Leighis • BA (Onóracha) in Oideachas Allamuigh • BA in Oideachas Allamuigh agus Fóillíochta • BA (Gnáthleibhéal) in Oideachas Allamuigh agus Fóillíochta le Tíreolaíocht • Baitsiléir Eolaíochta (Onóracha) sa Spórt agus Aclaíocht Roimh dul ar shocrúchán oibre d’fhéadfaí go n-éileofar grinnfhiosrúcháin an Garda Síochána freisin ar na cláir seo a leanas: • Baitsiléir Eolaíochta (Onóracha) san Fhisic & Ionstraimíocht • Baitsiléir Eolaíochta san Fhisic & Ionstraimíocht • Baitsiléir Eolaíochta (Onóracha) i gCothú Sláinte Poiblí • Baitsiléir Eolaíochta san Eolaíocht Cheimiceáin agus Cógaisíocht • Baitsiléir Eolaíochta (Onóracha) san Eolaíocht Cheimiceáin agus Cógaisíocht • Baitsiléir Eolaíochta (Onóracha) san Eolaíocht agus Anailís Fhóiréinseach • Baitsiléir Eolaíochta sa Bhitheolaíocht Fheidhmeach agus san Eolaíocht Bhithchógaisíochta • Baitsiléir Eolaíochta (Onóracha) sa Bhitheolaíocht Fheidhmeach agus san Eolaíocht Bhithchógaisíochta Déanfar áiteanna a thairiscint ar na cláir ainmnithe sin ar choinníoll agus ag brath ar chomhlánú sásúil gnáthamh grinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána i dtaobh an iarrthóra. I gcásanna áirithe, d’fhéadfaí go mbeadh athghrinnfhiosrúcháin ag teastáil sula dtosaíonn an mac léinn ar an socrúchán. Is féidir mic léinn ó chláir eile a chur faoi ghrinnfhiosrúcháin sula dtosaíonn siad ar an socrúchán oibre má tá gá le grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána maidir leis an socrúchán oibre áirithe sin. Beidh mac léinn ar bith a thuilleann ciontú ábhartha le linn ceann ar bith de na cláir thuas faoi réir ag breithniú de réir pholasaí GMIT maidir le grinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána le fáil ar https://www.gmit.ie/sites/default/ fi les/public/ general/docs/garda-vetting-student-policy-updated-july-2020.pdf

Scóráil QQI FET/CAS Tugtar ‘Córas Comhdhámhachtainí’ nó CAS ar an gcóras a chuimsíonn cáiliúcháin náisiúnta an bhreisoideachais agus oiliúna in Éirinn. Bíonn an córas scórála i bhfeidhm áit a gcomhlíontar na riachtanais go léir don mhórdhámhachtain, i.e. áit ar baineadh amach na saindhámhachtainí comhpháirte, de 120 creidiúint san iomlán. (Chun do scór a ríomh, ní mór luach creidiúna do chuid dámhachtainí comhpháirte a bheith ar eolas agat.) Tá tuilleadh eolais ar an gcóras scórala le fáil ar www.cao.ie Féadfar Mórdhámhachtain QQI FET a charnadh thar breis agus aon bhliain acadúil amháin. Déanfar dámhachtainí QQI FET a baineadh amach sular tugadh CAS isteach a mheas, agus déanfar iad a scóráil agus scóráil CAS á úsáid. Tá na lánsonraí i dtaca le CAS, na cláir agus an dul chun cinn chun na Nasc-Scéime Ardoideachais le fáil ar shuíomh gréasáin QQI (www.qqi.ie). Tá na lánsonraí i dtaca le Riachtanais Iontrála Nasc-Scéim Ardoideachais QQI FET (HELS) agus na córais Scórála le fáil freisin ar www.cao.ie . Le tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil leis an Oi fi geach Iontrálacha, Oi fi g Ghnóthaí Acadúla, Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo, Bóthar Bhaile Átha Cliath, Gaillimh. Teil: + 353 91 74 2305. R-phost: Admissions@gmit.ie

207

Powered by