NUI Galway Postgraduate Prospectus 2021

Scoil an Oideachais Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta, agus an Léinn Cheiltigh

AN CLÁR: Máistir Gairmiúil san Oideachas (Iar-bhunscoil) (MGO) FAD AMA: 2 bhliain lánaimseartha

Oideachas (Máistir Gairmiúil san, [Iar-bhunscoil])

LÍON ÁITEANNA: 35 PAC CODE(S): PEG02 TÁILLÍ AGUS MAOINIÚ:

Le tuilleadh eolais a fháil faoi dheiseanna maidir le táillí agus maoiniú féach leathanaigh 286 agus 288. SPRIOCDHÁTA: 28 Feabhra 2021 SEICEÁIL AN GHARDA SÍOCHÁNA/IMRÉITEACH Ó NA PÓILÍNÍ: Teastaíonn grinnfhiosrúchán Gardaí/ imréiteach na bpóilíní. Tuilleadh eolais ar leathanach 285.

Do Chúrsa Clár máistreachta go hiomlán trí mheán na Gaeilge é an Máistir Gairmiúil san Oideachas. Déantar an clár in oideachas tosaigh múinteoirí dara leibhéal seo go lánaimseartha thar dhá bhliain agus tá sé aitheanta ag an gComhairle Mhúinteoireachta chun críocha clárúcháin mar mhúinteoir iar-bhunoideachais in Éirinn. Ar an gclár, forbraíonn múinteoirí faoi oiliúint creat coincheapúil a thacaíonn le foghlaim agus teagasc cruthaitheach a dhéanamh trí Ghaeilge ag leibhéal na h-iarbhunscoile agus san earnáil Ghaeltachta agus Ghaelscolaíochta ach go háirithe. Leagtar an-bhéim ar theicneolaíocht agus ar chumas múinteoirí faoi oiliúint cuir chuige agus áiseanna ilmheánacha a chruthú agus a úsáid go héifeachtach sa seomra ranga. Deiseanna Gairme Tabharfaidh an cháilíocht seo deiseanna fostaíochta do chéimithe in earnáil an oideachais in Éirinn agus thar lear. Tá an-tóir ag earnáil an Ghaeloideachais ar chéimithe an MGO. Riachtanais Iontrála Bunchéim ag Leibhéal 8. Ní mór d’iarratasóirí caighdeán maith Ollscoile a beith acu i dtaca le labhairt agus scríobh na Gaeilge agus mar chuid den nós imeachta iarratais, tá scrúdú béil le déanamh. TUILLEADH EOLAIS LE FÁIL AG: www.nuigalway.ie/courses/taught-postgraduate-courses/ oideachas-irish.html

SONRAÍ TEAGMHÁLA Scoil an Oideachais F: +353 91 494 072 R: mgo@oegaillimh.ie

CÚISEANNA CHUN TABHAIRT FAOIN gCÚRSA 1. Deiseanna láidre fostaíochta— tá an-tóir ar chéimithe an MGO in Éirinn agus thar lear. 2. Saineolas ar an oideachas trí Ghaeilge—is é an MGO an t-aon chlár in oiliúint tosaigh múinteoirí dara leibhéal go hiomlán trí mheán na Gaeilge in Éirinn. 3. Scileanna teicneolaíochta—is é an MGO an t-aon chlár iPad 1:1 in oiliúint tosaigh múinteoirí in Éirinn.

An mian leat iarratas a dhéanamh? www.pac.ie/pme

32

Powered by