Treoir don Chlárú ar
Líne 2022/2023
Do Mhic Léinn na Chéad Bhliana
Oifig Clárúcháin
Clár
Fáilte ón Uachtarán
Dátaí Tábhachtacha
Profile Cad ba cheart a dhéanamh anois?
Conas Clárú – céim ar chéim
REGISTER
COURSES
FINANCE
PROFILE
LOGOUT
Personal Information
Cabhair leis an gclárú
Gluais
Foireann Tacaíochta Ollscoil na Gaillimhe
Seicliosta
Fáilte ón Uachtarán
A mhac léinn, a chara,
Tá an-áthas orm fáilte a chur romhat mar mhac léinn in Ollscoil na Gaillimhe. Tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh agus tairbhe as an am a chaithfidh tú anseo.
Tugtar treoir faoin bpróiseas clárúcháin sa treoir seo.
Molaim duit go láidir an treoir seo a léamh go cúramach. Gheobhaidh tú freagraí anseo ar go leor ceisteanna a d’fhéadfadh a bheith agat ag an bpointe seo, chomh maith le treoracha tábhachtacha faoin bpróiseas clárúcháin in Ollscoil na Gaillimhe. Chomh maith leis sin, tá neart ábhar agus comhairle a chabhróidh leat sa chéad bhliain le fáil ar an suíomh gréasáin www.universityofgalway.ie/startinguniversity . Guím gach rath ort i do chuid staidéir anseo in Ollscoil na Gaillimhe.
Mise le meas,
An tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh Uachtarán
Dátaí Tábhachtacha Seimeastar 1 2022
Osclaíonn an clárú ar líne - Clárú do do chúrsa agus do mhodúil
Dúnann an clárú ar líne - Clárú do do chúrsa agus do mhodúil
7 Deireadh Fómhair
12 Meán Fómhair
Mic léinn nua sa chéad bhliain - Fochéimithe
Mic léinn nua sa chéad bhliain Dúnann an clárú ar líne
DÁTAÍ ACADÚLA
Céim 1
Logáil isteach chun clárú
REGISTER
Clárú Tá Tairseach na Mac Léinn faoin gCeist Coitianta ‘Conas a Chláróidh mé’ Cliceáil anseo
Mic léinn neamh - AE amháin Ní mór duit dul i dteagmháil le hOifig na dTáillí sula gcláraíonn tú. Socraigh cúrsaí táillí agus ansin is
Mic léinn neamh - AE
Username Password
féidir leat clárú AR LÍNE. Tuilleadh eolais anseo.
Mic léinn AE
Teastóidh na nithe seo a leanas ó gach Mac Léinn: Ainm Usuaideora D’uimhir CAO, a bheidh mar ‘ainm úsáideora’ agat (d’uimhir aitheantais mic léinn Gaillimh as
seo amach). Pasfhocal
Seolfaidh rannóg TF na hOllscoile (ISS) ríomhphost chugat le hinsint duit conas d’Ildeimhniú Aitheantais (MFA) a chur ag obair. Chun do MFA a chur ag obair beidh ort do phasfhocal uathúil féin a chumadh. Seo é an pasfhocal a úsáidfidh tú le logáil isteach ar Thairseach na Mac Léinn chun clárú i do mhac léinn in Ollscoil na Gaillimhe.
Sa chás gur fhreastail tú ar OÉ Gaillimh roimhe seo, ní
mór duit an tseanuimhir aitheantais mic léinn OÉ Gaillimh a bhí agat roimhe seo a úsáid. Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil.
Céim 2
Cuir tús leis an bpróiseas clárúcháin chun a dhearbhú go mbeidh tú cláraithe
Fáilte chuig leathanach próifíle do chúrsa Tá do shonraí mic léinn agus sonraí do chúrsa le fáil ar an leathanach seo:
Student Name Course Information Start and End Dates
Cód an Chúrsa Cód an Chúrsa chun tuilleadh eolais a fháil faoi: Galway (CAO) – Cliceáil anseo
COURSES
FINANCE
PROFILE
LOGOUT
COURSE
COURSES
Cliceáil ar an gcnaipe ‘Register here’ agus cuirfear tús le próiseas clárúcháin do chúrsa. • Mura bhfuil ‘ Register here ’ le feiceáil, cliceáil anseo . Stádas: Pre-registered/Réamhchláraithe - Níl tú cláraithe mar mhac léinn in Ollscoil na Gaillimhe go fóill
BC- XXXX REGISTER HERE
Bachelor of Commerce
YEAR: 1 ACADEMIC YEAR: - STRUCTURE LEVEL: 1 START/END: - MODE OF STUDY: Full Time STATUS: Pre-registered FEE CATEGORY: EU Undergraduate LOCATION: NUIG STREAM: BC1 Bachelors of Commerce
Ar thug tú aon bhotúin faoi deara ar leathanach do chúrsa? Cliceáil anseo
Aontaigh leis na téarmaí agus na coinníollacha
Céim 3
A luaithe is atá “ Terms and Conditions ” léite agat, ba cheart duit tic a chur sa ticbhosca. Mura nglacann tú leis na “ Terms and Conditions ”, ní bheidh tú in ann dul níos faide le d’iarratas.
An aontaíonn tú leis na Téarmaí & Coinníollacha? Aontaím
Yes I agree
Cliceáil anseo le haghaidh T&C
Céim 4
Nuashonraigh do chuid sonraí
Sa chuid seo, ní mór duit an t-eolas sna réimsí a bhfuil * éigeantach in aice leo a nuashonrú. Seoladh Baile:
Seoladh Téarma: Is éard is seoladh le linn an téarma ann an áit a mbeidh cónaí ort inti i gcaitheamh na bliana acadúla. I gcás mac léinn neamh-AE de, tá sé tábhachtach seoladh téarma a sholáthar nuair a thagann tú go hÉirinn, le go bhfaighidh tú do chárta aitheantais.
Is éard is seoladh baile ann teach do theaghlaigh nó seoladh a ndéanann tú cónaí ann taobh amuigh de thréimhse théarma na hollscoile. Cuirfear gach comhfhreagras poist de chuid Ollscoil na Gaillimhe chuig an seoladh poist seo. i.e. cárta aitheantais mic léinn, iarratais ar thras-scríbhinn, etc.
Country* Address* City* Postcode (Eircode)*
Country* Address* City* Postcode (Eircode)* Mobile* Email*
Céim 5 Sonraí pearsanta a nuashonrú
Sa chuid seo, ní mór nuashonrú a dhéanamh ar na réimsí atá marcáilte le:
Éigeantach* Iarrtha
Más cuí
Nationality* Domicile* Residence while at college* Student PPS Number (Irish residents)* Emergency Contact Name Emergency Contact number Religion Most recent 3rd level institution attended Award Year Awarded
Mura dtuigeann tú aon cheann de na téarmaí atá ar an liosta Sonraí Pearsanta, féach sa ghluais atá ag deireadh na treorach.
Céim 6
Grianghraf a uaslódáil
Cad a theastaíonn? Ní mór duit grianghraf díot féin a uaslódáil anois le haghaidh do chárta aitheanatais mic léinn Ollscoil na Gaillimhe. Déan cinnte go bhfuil an íomhá: Ar ardcháilíocht Ar mhéid grianghraif pas Is féidir ‘féinín’ a thógáil ar d’fhón/do tháibléad Ní mór an grianghraf a thógáil go hingearach (Ná cas an gléas chun grianghraf tírdhreacha a thógáil mar ní féidir é a choigeartú tar éis é a uaslódáil) Tá tuilleadh eolais faoi íomhánna inghlactha ar fáil ach cliceáil anseo Conas é a dhéanamh? • Cliceáil ‘ Browse ’ chun an íomhá ar do PC/gléas leictreonach a aimsiú • Cliceáil ar do ghrianghraf chun é a oscailt • Bearr an grianghraf • Brúigh ‘ Upload ’ Tabhair faoi deara! Ní mór duit grianghraf díot féin a uaslódáil faoin 19 Meán Fómhair 2022 . Mura ndéanann tú grianghraf díot féin a uaslódáil nó má dhéanann tú drochghrianghraf nó ceann nach bhfuil oiriúnach a uaslódáil, cuirfear moill ar do Chárta Aitheantais Mic Léinn. Cárta Aitheantais Tá tuilleadh eolais anseo faoin mbealach a bhfaighidh tú do Chárta Aitheantais Mic Léinn.
PORTRÁID
TIRDHREACH
Fadbhanna le d’íomhá a uaslódáil? r: regphotos@universityofgalway.ie
Céim 7 Uaslódáil cáipéisí
Sa chuid seo ní mór duit cáipéisí a uaslódáil chuig na réimsí a bhfuil Éigeantach* luaite leo
Bíodh cruthúnas ar do sheoladh agus cruthúnas aitheantais agat, mar atá leagtha amach thíos, agus iad réidh le huaslódáil sula dtosaíonn tú ar an bpróiseas cláraithe. Ní fhéadfaidh tú dul ar aghaidh leis an gclárú go dtí go mbeidh na cáipéisí riachtanacha uaslódáilte agat.
Cruthúnas ar Sheoladh Teastaíonn leathanach iomlán amháin de cháipéis oiriúnach ar pháipéar cinn litreach comhlachta agus ba chóir go mbeadh na nithe seo a leanas san áireamh ann: • D’ainm agus do sheoladh iomlán • Dáta eisiúna le 6 mhí anuas Samplaí: bille leictreachais, litir ó bhanc nó bille gutháin. Is féidir linn glacadh le ráiteas bainc ar líne freisin; scrios eolas íogair ar nós eolas faoi do chuid airgid ach déan cinnte gur féidir a aithint cén sórt cáipéise atá ann. Cruthúnas Aitheantais Tá gá le cáipéis mar chruthúnas aitheantais. Glactar leo seo a leanas mar chruthúnas aitheantais: pas (an leathanach a bhfuil grianghraf air), ceadúnas tiomána nó teastas breithe. NÍ ghlacfar le hAoischárta Náisiúnta, NÍ cruthúnas aitheantais bailí é.
Cúnamh Uait? Mura n-éiríonn leat do chuid cáipéisí a uaslódáil, is féidir iad a sheoladh ar ríomhphost chuig regdocs@universityofgalway.ie . Bíodh d’uimhir aitheantais mic léinn agus do chúrsa luaite i líne ábhair do ríomhphoist.
Céim 8
Táillí a íoc D’fhonn a bheith cláraithe mar mhac léinn, ní mór duit na táillí cuí a íoc. Chun tuilleadh a fháil amach faoi na táillí is gá duit a íoc,
Cliceáil anseo
Tabharfaidh na 6 cheist a chuirfear ort ag an gcéim seo eolas duit maidir le méid na dtáillí a bheidh le híoc agat. Mura bhfuil tú in ann dul thar an gcéim seo, gheobhaidh tú treoir faoi dul i dteagmháil le hOifig na dTáillí. Agus freagra tugtha agat ar na ceisteanna go léir, déanfar do chuid táillí a ríomh bunaithe ar do chuid freagraí. Seo na táillí is gá duit a íoc ar líne nó le gíoró bainc. Má thug tú ‘ Yes ’ mar fhreagra ar an gCeist faoi mhaoiniú SUSI, ní mór duit SUSI a roghnú ón roghchlár anuas agus d’uimhir SUSI a chur isteach san fhormáid WXXXXXXXXXXXX. Roghnaigh ' Íoc Anois ' chun do chuid táillí a íoc. Osclófar leathanach sláníocaíochta agus féadfaidh tú sonraí do chárta creidmheasa/dochair a chur isteach. Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil
Meastachán ar an Táille
Céim 9
Líon an Suirbhé um Chothroime Rochtaine an ÚAO
Iarrann an ÚAO (an tÚdaras um Ard-Oideachas) orainn suirbhé a chur ar mhic léinn thar a gceann chun eolas a bhailiú faoina gcúlra sóisialta, eacnamaíochta agus cultúrtha nuair a chláraíonn siad. Tá an suirbhé faoi rún agus seoltar na freagraí ar ais chuig an ÚAO gan ainm ná seoladh. Féach http://hea.ie/ chun tuilleadh eolais a fháil. Lean ar aghaidh agus líon suirbhé an ÚAO ar líne anois. Conas an clárú a chríochnú Agus an suirbhé déanta agat cliceáil ar an gcnaipe ‘ Finish ’ Tabharfar ar ais chuig an leathanach ‘ Courses ’ thú Beidh do stádas athraithe anois ó ‘ Pre-registered ’ go ‘ Registered ’
COMHGHAIRDEAS! Is mac léinn cláraithe de chuid Ollscoil na Gaillimhe anois tú.
An ndearna tú dearmad do chuid Sonraí Pearsanta a chur isteach? Chun d’uimhir PPS nó do chuid sonraí teagmhála i gcás éigeandála a chur isteach, add in logáil isteach ar Thairseach na Mac Léinn agus cliceáil ar an táb ‘ Profile ’. An dteastaíonn ráiteas uait ag dearbhú go bhfuil tú cláraithe? TAIRSEACH NA MAC LÉINN
DEASC CHABHRACH CHLÁRLANN NA MAC LÉINN
Nuair a bheidh tú cláraithe, beidh tú in ann ráiteas cláraithe a phriontáil trí chliceáil ar an gcnaipe ‘ Proof of Registration ’ ar an leathanach ‘ Courses ’ agus/nó ar an leathanach ‘ Profile ’ ar do Thairseach Mic Léinn.
Chun ráitis chláraithe ar leith a fháil, chun an t-ainm nó an seoladh a athrú, nó má tá bailíochtú le déanamh ar fhoirmeacha nó má tá siad le stampáil, cliceáil anseo
Cad ba cheart a dhéanamh anois?
1
Deis do Phróifíl a Nuashonrú:
Nuashonraigh an seoladh a bheidh agat i rith an téarma Cá mbeidh tú ag fanacht i nGaillimh i rith na bliana? Seol do sheoladh ríomhphoist nua nó athrú ar do sheoladh ríomhphoist Cliceáil anseo (e.g. )
COURSES
FINANCE
PROFILE
Pro fi le
Personal Informa ti on
Cuir isteach d’uimhir theagmhála phearsanta 08x 12345667
Edit
NAME: Reg Test36 ID NUMBER: 20889263 DATE OF BIRTH: 09 ‐ JUN ‐ 1991 GENDER: F PPS NUMBER: EMERGENCY CONTACT:
Cuir isteach d’uimhir SUSI (más cuí) WXXXXXXXXXXXX
Edit
Uaslódáil grianghraf Mura bhfuil sé déanta agat go dtí seo
Home Address ADDRESS: PHONE NUMBER: MOBILE NUMBER: EMAIL ADDRESS: Term Address ADDRESS: PHONE NUMBER: MOBILE NUMBER: EMAIL ADDRESS:
Éirchód Seol d’Éirchód ar rphost chuig
registration@universityofgalway.ie mura bhfuil sé le feiceáil le do sheoladh baile.
Sonraí Cuntais Bainc a Leasú Seol aon cheist atá agat chuig fees@universityofgalway.ie
Edit
An dteastaíonn tuilleadh cabhrach uait? Cliceáil anseo
Do Mhodúil a Roghnú 1 2 Cad ba cheart a dhéanamh anois?
Sula roghnaíonn tú do mhodúil: - Téigh chuig an seisiún eolais faoi mhodúil le linn na seachtaine eolais - Léigh aon ábhar faoin gcúrsa atá ar fáil - Cliceáil anseo chun bileog eolais a fháil faoi conas do churaclam céad bhliana a chur le chéile. Do mhodúil a roghnú: Cliceáil ar ‘ SELECT SUBJECT/MODULES ’ ar leathanach do chúrsa. Féach ar an bhfíseán maidir le modúil a chur leis/a scriosadh
2
3
Do mhodúil a dhearbhú: Agus na modúil roghnaithe agat tá sé an-tábhachtach ‘Confirm’ a bhrú agus leanúint ar aghaidh go ‘Finish’
Roghnaigh do mhodúil
Rochtain ar Blackboard: Nuair a bheidh na modúil roghnaithe agat, beidh rochtain agat orthu 24 uair a chloig ina dhiaidh sin ar Blackboard. Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais faoi Blackboard a fháil.
An dteastaíonn tuilleadh cabhrach uait? Cliceáil anseo
Tacaíocht le Clárú
Deasc Chabhrach
Fón 091 494949
Suíomh:
An chéad urlár, Áras Uí Chathail
LÉARSCÁIL DEN CHAMPAS CLICEÁIL ANSEO
Ríomhphost
Uaireanta Oscailte: Luan go hAoine 9:00 rn - 1.00 in / 2:00 in - 5:00 in
registration@universityofgalway.ie regphotos@universityofgalway.ie
Uaireanta Oscailte do cheisteanna fóin agus ríomhphoist:
Ag oscailt: 17 Lúnasa 2022 Ag dúnadh: 8 Deireadh Fómhair 2022
Luan go hAoine: 9:00 rn - 1.00 in / 2:00 in - 5:00 in
registration@universityofgalway.ie
regphotos@universityofgalway.ie
regdocs@universityofgalway.ie
Gluais
Cad atá i gceist le clárú? Is é atá i gceist le clárú ná bailiú agus cothabháil shonraí na mac léinn. Ní mór do gach mac léinn in Ollscoil na Gaillimhe clárú gach bliain le bheith ina m(h)ac léinn san Ollscoil. Céim éigeantach atá ann. Clárú ar Líne Tugann clárú ar líne saoirse don mhac léinn clárú ar chúrsa agus na táillí a íoc ar líne chomh maith. Ainm Usáideora/ID Is ionann d’ainm úsáideora/ID agus d’uimhir CAO - agus beidh an uimhir sin mar uimhir aitheantais mic léinn duit in OÉ Gaillimh as seo amach. Pasfhocal Seolfaidh rannóg TF na hOllscoile (ISS) ríomhphost chugat le hinsint duit conas d’Ildeimhniú Aitheantais (MFA) a chur ag obair. Chun do MFA a chur ag obair beidh ort do phasfhocal uathúil féin a chumadh. Seo é an pasfhocal a úsáidfidh tú le logáil isteach ar Thairseach na Mac Léinn chun clárú i do mhac léinn in Ollscoil na Gaillimhe. Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil. Cláraigh anseo Agus tú logáilte isteach ar an leathanach ‘Courses’, cliceáil ar ‘ Register Here ’ agus cuirfear tús leis an bpróiseas clárúcháin.
Téarmaí agus Coinníollacha Tuigeann gach mac léinn a chláraíonn le hOllscoil na Gaillimhe go bhfuil siad ag glacadh leis go bhfuil siad sásta cloí le rialacha agus rialacháin uile na hOllscoile is infheidhme do na mic léinn. Cliceáil anseo chun teacht ar Théarmaí agus Coinníollacha na hOllscoile. Náisiúntacht
Tír do bhreithe. Sainchónaí
Tagraíonn sainchónaí don tír ina raibh seoladh buan agat sular thug tú faoin gclár staidéir. Mar shampla, má thagann duine ón bPolainn go hÉirinn coicís sula dtosaíonn sé cúrsa ardoideachais, is í an Pholainn an tír ina bhfuil buanchónaí air nó uirthi cé go bhfuil seoladh comhfhreagrais in Éirinn aige nó aici. Is í Éire a bheadh mar Thír Bhunaidh ag mic léinn a raibh cónaí orthu in Éirinn ar feadh 3 bliana nó níos mó roimh thús an chúrsa. Ní féidir le Tír Bhunaidh an mhic léinn athrú le linn a thréimhse staidéir. Uimhir PPS Tabhair d’uimhir PPS . Is riachtanas de chuid an ÚAO é seo.
Gluais (ar lean)
Sonraí teagmhála i gcás éigeandála
Cód an Chúrsa Úsáideann tú cód CAO an chúrsa agus tú ag déileáil leis an Oifig Iontrála, ach úsáidfidh tú cód an chúrsa agus tú ag déileáil leis an Oifig Clárúcháin mar shampla; 1BA1 (Baitsiléir sna Dána). Tuilleadh eolais anseo . Teideal an Chúrsa Seo samplaí de theidil chúrsaí: Baitsiléir sna Dána nó Baitsiléir san Eolaíocht etc. Tuilleadh eolais anseo . Cúrsa TLC TLC100 - Is áis scileanna acadúla an tIonad Foghlama ar Blackboard a ndéantar gach mac léinn chéad bhliana a chlárú air go huathoibríoch. Baineann sé leis an Ionad Scileanna Acadúla. Cliceáil anseo . Dearmad déanta agat ar do Phasfhocal? Má tá dearmad déanta agat ar do phasfhocal, cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil. Déan teagmháil le Deasc Eolais na Leabharlainne agus TF ( servicedesk@universityofgalway.ie ) má bhíonn aon deacracht agat.
Tabhair ainm agus uimhir theileafóin duine a bhféadfaimis teagmháil a dhéanamh leis nó léi i gcás éigeandála. Táillí Caithfear gach ceist faoi Tháillí a sheoladh chuig Oifig na dTáillí a bhfuil a gcuid sonraí le fáil anseo . Seoladh le linn an Téarma Is féidir do sheoladh le linn an téarma (an áit a mbeidh tú ag fanacht i nGaillimh) a leasú faoin táb Profile. Rphost pearsanta agus Fón Póca Bí cinnte go gcuireann tú do sheoladh rphoist pearsanta agus uimhir d’fhón póca le do Phróifíl. Uimhir SUSI (más cuí) Is é SUSI an t-údarás dámhachtana atá anois ann do mhic léinn nua ar mian leo iarratas a dhéanamh ar dheontas. Tosaíonn uimhir thagartha SUSI le W agus bíonn 12 uimhir ina dhiaidh sin .
Foirne Tacaíochta Ollscoil na Gaillimhe
AG TOSÚ SAN OLLSCOIL Féach ar ‘Orientation Week’ ar láithreán gréasáin Ollscoil na Gaillimhe
Ag Tosú San Ollscoil
Tuilleadh comhairle uait? Tá cuidiú le fáil ó na foirne tacaíochta eile
ACCESS CENTRE
DISABILITY SUPPORT SERVICES STUDENT REGISTRY HELPDESK
MATURE STUDENTS
FEES
ISS SERVICE DESK
LIBRARY
STUDENT SERVICES
ADMISSIONS
Seicliosta
Déanta?
Clárú ar líne Grianghraf a Uaslódáil
Cruthúnas ar sheoladh uaslódáilte Cruthúnas aitheantais uaslódáilte Uimhir SUSI a chur isteach (más cuí) Do chuid Sonraí Pearsanta a nuashonrú D’uimhir PPS curtha isteach agat (más cuí) D’Éirchód baile seolta chuig registration@universityofgalway.ie (más cuí) Sonraí teagmhála i gcás éigeandála a chur isteach Do sheoladh rphoist pearsanta a chur isteach Do sheoladh i rith an téarma a chur isteach
Do chuid táillí a íoc Suirbhé an ÚAO
*Chun críche faisnéise amháin atá ábhar an leabhráin seo agus ní mheasfar gur bonn conartha é idir Ollscoil na Gaillimhe agus iarrthóir nó aon tríú páirtí eile. Cé go ndearnadh tréaniarracht cruinneas na faisnéise san fhoilseachán seo a chinntiú, coimeádann an Ollscoil an ceart aon chúrsa, siollabas, scrúdú, dáta, táille, rialachán, riail nó ordú a athrú, a leasú nó a scriosadh tráth ar bith, gan fógra a thabhairt.
Powered by FlippingBook