Treoir don Chlárú ar Líne 2022-23

Céim 6

Grianghraf a uaslódáil

Cad a theastaíonn? Ní mór duit grianghraf díot féin a uaslódáil anois le haghaidh do chárta aitheanatais mic léinn Ollscoil na Gaillimhe. Déan cinnte go bhfuil an íomhá: Ar ardcháilíocht Ar mhéid grianghraif pas Is féidir ‘féinín’ a thógáil ar d’fhón/do tháibléad Ní mór an grianghraf a thógáil go hingearach (Ná cas an gléas chun grianghraf tírdhreacha a thógáil mar ní féidir é a choigeartú tar éis é a uaslódáil) Tá tuilleadh eolais faoi íomhánna inghlactha ar fáil ach cliceáil anseo Conas é a dhéanamh? • Cliceáil ‘ Browse ’ chun an íomhá ar do PC/gléas leictreonach a aimsiú • Cliceáil ar do ghrianghraf chun é a oscailt • Bearr an grianghraf • Brúigh ‘ Upload ’ Tabhair faoi deara! Ní mór duit grianghraf díot féin a uaslódáil faoin 19 Meán Fómhair 2022 . Mura ndéanann tú grianghraf díot féin a uaslódáil nó má dhéanann tú drochghrianghraf nó ceann nach bhfuil oiriúnach a uaslódáil, cuirfear moill ar do Chárta Aitheantais Mic Léinn. Cárta Aitheantais Tá tuilleadh eolais anseo faoin mbealach a bhfaighidh tú do Chárta Aitheantais Mic Léinn.

PORTRÁID

TIRDHREACH

Fadbhanna le d’íomhá a uaslódáil? r: regphotos@universityofgalway.ie

Powered by