Treoir don Chlárú ar Líne 2022-23

Gluais (ar lean)

Sonraí teagmhála i gcás éigeandála

Cód an Chúrsa Úsáideann tú cód CAO an chúrsa agus tú ag déileáil leis an Oifig Iontrála, ach úsáidfidh tú cód an chúrsa agus tú ag déileáil leis an Oifig Clárúcháin mar shampla; 1BA1 (Baitsiléir sna Dána). Tuilleadh eolais anseo . Teideal an Chúrsa Seo samplaí de theidil chúrsaí: Baitsiléir sna Dána nó Baitsiléir san Eolaíocht etc. Tuilleadh eolais anseo . Cúrsa TLC TLC100 - Is áis scileanna acadúla an tIonad Foghlama ar Blackboard a ndéantar gach mac léinn chéad bhliana a chlárú air go huathoibríoch. Baineann sé leis an Ionad Scileanna Acadúla. Cliceáil anseo . Dearmad déanta agat ar do Phasfhocal? Má tá dearmad déanta agat ar do phasfhocal, cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil. Déan teagmháil le Deasc Eolais na Leabharlainne agus TF ( servicedesk@universityofgalway.ie ) má bhíonn aon deacracht agat.

Tabhair ainm agus uimhir theileafóin duine a bhféadfaimis teagmháil a dhéanamh leis nó léi i gcás éigeandála. Táillí Caithfear gach ceist faoi Tháillí a sheoladh chuig Oifig na dTáillí a bhfuil a gcuid sonraí le fáil anseo . Seoladh le linn an Téarma Is féidir do sheoladh le linn an téarma (an áit a mbeidh tú ag fanacht i nGaillimh) a leasú faoin táb Profile. Rphost pearsanta agus Fón Póca Bí cinnte go gcuireann tú do sheoladh rphoist pearsanta agus uimhir d’fhón póca le do Phróifíl. Uimhir SUSI (más cuí) Is é SUSI an t-údarás dámhachtana atá anois ann do mhic léinn nua ar mian leo iarratas a dhéanamh ar dheontas. Tosaíonn uimhir thagartha SUSI le W agus bíonn 12 uimhir ina dhiaidh sin .

Powered by