Treoir don Chlárú ar Líne 2022-23

Gluais

Cad atá i gceist le clárú? Is é atá i gceist le clárú ná bailiú agus cothabháil shonraí na mac léinn. Ní mór do gach mac léinn in Ollscoil na Gaillimhe clárú gach bliain le bheith ina m(h)ac léinn san Ollscoil. Céim éigeantach atá ann. Clárú ar Líne Tugann clárú ar líne saoirse don mhac léinn clárú ar chúrsa agus na táillí a íoc ar líne chomh maith. Ainm Usáideora/ID Is ionann d’ainm úsáideora/ID agus d’uimhir CAO - agus beidh an uimhir sin mar uimhir aitheantais mic léinn duit in OÉ Gaillimh as seo amach. Pasfhocal Seolfaidh rannóg TF na hOllscoile (ISS) ríomhphost chugat le hinsint duit conas d’Ildeimhniú Aitheantais (MFA) a chur ag obair. Chun do MFA a chur ag obair beidh ort do phasfhocal uathúil féin a chumadh. Seo é an pasfhocal a úsáidfidh tú le logáil isteach ar Thairseach na Mac Léinn chun clárú i do mhac léinn in Ollscoil na Gaillimhe. Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil. Cláraigh anseo Agus tú logáilte isteach ar an leathanach ‘Courses’, cliceáil ar ‘ Register Here ’ agus cuirfear tús leis an bpróiseas clárúcháin.

Téarmaí agus Coinníollacha Tuigeann gach mac léinn a chláraíonn le hOllscoil na Gaillimhe go bhfuil siad ag glacadh leis go bhfuil siad sásta cloí le rialacha agus rialacháin uile na hOllscoile is infheidhme do na mic léinn. Cliceáil anseo chun teacht ar Théarmaí agus Coinníollacha na hOllscoile. Náisiúntacht

Tír do bhreithe. Sainchónaí

Tagraíonn sainchónaí don tír ina raibh seoladh buan agat sular thug tú faoin gclár staidéir. Mar shampla, má thagann duine ón bPolainn go hÉirinn coicís sula dtosaíonn sé cúrsa ardoideachais, is í an Pholainn an tír ina bhfuil buanchónaí air nó uirthi cé go bhfuil seoladh comhfhreagrais in Éirinn aige nó aici. Is í Éire a bheadh mar Thír Bhunaidh ag mic léinn a raibh cónaí orthu in Éirinn ar feadh 3 bliana nó níos mó roimh thús an chúrsa. Ní féidir le Tír Bhunaidh an mhic léinn athrú le linn a thréimhse staidéir. Uimhir PPS Tabhair d’uimhir PPS . Is riachtanas de chuid an ÚAO é seo.

Powered by