Treoir don Chlárú ar Líne 2022-23

Céim 9

Líon an Suirbhé um Chothroime Rochtaine an ÚAO

Iarrann an ÚAO (an tÚdaras um Ard-Oideachas) orainn suirbhé a chur ar mhic léinn thar a gceann chun eolas a bhailiú faoina gcúlra sóisialta, eacnamaíochta agus cultúrtha nuair a chláraíonn siad. Tá an suirbhé faoi rún agus seoltar na freagraí ar ais chuig an ÚAO gan ainm ná seoladh. Féach http://hea.ie/ chun tuilleadh eolais a fháil. Lean ar aghaidh agus líon suirbhé an ÚAO ar líne anois. Conas an clárú a chríochnú Agus an suirbhé déanta agat cliceáil ar an gcnaipe ‘ Finish ’ Tabharfar ar ais chuig an leathanach ‘ Courses ’ thú Beidh do stádas athraithe anois ó ‘ Pre-registered ’ go ‘ Registered ’

COMHGHAIRDEAS! Is mac léinn cláraithe de chuid Ollscoil na Gaillimhe anois tú.

An ndearna tú dearmad do chuid Sonraí Pearsanta a chur isteach? Chun d’uimhir PPS nó do chuid sonraí teagmhála i gcás éigeandála a chur isteach, add in logáil isteach ar Thairseach na Mac Léinn agus cliceáil ar an táb ‘ Profile ’. An dteastaíonn ráiteas uait ag dearbhú go bhfuil tú cláraithe? TAIRSEACH NA MAC LÉINN

DEASC CHABHRACH CHLÁRLANN NA MAC LÉINN

Nuair a bheidh tú cláraithe, beidh tú in ann ráiteas cláraithe a phriontáil trí chliceáil ar an gcnaipe ‘ Proof of Registration ’ ar an leathanach ‘ Courses ’ agus/nó ar an leathanach ‘ Profile ’ ar do Thairseach Mic Léinn.

Chun ráitis chláraithe ar leith a fháil, chun an t-ainm nó an seoladh a athrú, nó má tá bailíochtú le déanamh ar fhoirmeacha nó má tá siad le stampáil, cliceáil anseo

Powered by