Treoir don Chlárú ar Líne 2022-23

Céim 7 Uaslódáil cáipéisí

Sa chuid seo ní mór duit cáipéisí a uaslódáil chuig na réimsí a bhfuil Éigeantach* luaite leo

Bíodh cruthúnas ar do sheoladh agus cruthúnas aitheantais agat, mar atá leagtha amach thíos, agus iad réidh le huaslódáil sula dtosaíonn tú ar an bpróiseas cláraithe. Ní fhéadfaidh tú dul ar aghaidh leis an gclárú go dtí go mbeidh na cáipéisí riachtanacha uaslódáilte agat.

Cruthúnas ar Sheoladh Teastaíonn leathanach iomlán amháin de cháipéis oiriúnach ar pháipéar cinn litreach comhlachta agus ba chóir go mbeadh na nithe seo a leanas san áireamh ann: • D’ainm agus do sheoladh iomlán • Dáta eisiúna le 6 mhí anuas Samplaí: bille leictreachais, litir ó bhanc nó bille gutháin. Is féidir linn glacadh le ráiteas bainc ar líne freisin; scrios eolas íogair ar nós eolas faoi do chuid airgid ach déan cinnte gur féidir a aithint cén sórt cáipéise atá ann. Cruthúnas Aitheantais Tá gá le cáipéis mar chruthúnas aitheantais. Glactar leo seo a leanas mar chruthúnas aitheantais: pas (an leathanach a bhfuil grianghraf air), ceadúnas tiomána nó teastas breithe. NÍ ghlacfar le hAoischárta Náisiúnta, NÍ cruthúnas aitheantais bailí é.

Cúnamh Uait? Mura n-éiríonn leat do chuid cáipéisí a uaslódáil, is féidir iad a sheoladh ar ríomhphost chuig regdocs@universityofgalway.ie . Bíodh d’uimhir aitheantais mic léinn agus do chúrsa luaite i líne ábhair do ríomhphoist.

Powered by