GMIT Prospectus 2022/23

TÁILLÍ Tá dhá phríomhpháirt ag baint le Táillí Fochéime an GMIT: 1. Ranníocaíocht Mac Léinn – tá dlite ar gach mac léinn táille ranníocaíochta na mac léinn a íoc. Is í táille na Bliana Acadúla 2021/22 ná €3,000. 2. Táille Theagaisc – íocfaidh an rialtas an táille theagaisc d´fhormhór na bhFochéimithe céaduaire, lánaimseartha AE mar pháirt do thionscnamh na dTáillí in Aisce. Mura gclúdaítear tú faoi thionscnamh na dTáillí in Aisce, b’fhéidir go mbeidh dlite ort maidir le gné theagaisc do tháille, nó don táille Neamh-AE. Tá Táille Ábhair ag baint le roinnt mhaith dár gcúrsaí, nach bhfuil clúdaithe ag údaráis deontas. Tá na táillí reatha le fáil ar shuíomh gréasáin na hInstitiúide www.gmit.ie/fees-and-grants . D’fhéadfadh sé go ngearrfaí táillí teagaisc agus Ranníocaíocht Mac Léinn ar mhic léinn a rinne freastal cheana ar oideachas tríú leibhéal. Gearrfar táillí teagaisc agus an Ranníocaíocht Mac Léinn ar mhic léinn a athdhéanann modúl. D’fhéadfadh sé go ngearrfaí an Táille Idirnáisiúnta ar iarratasóirí neamh-AE. Féach le do thoil ar shuíomh gréasáin GMIT le haghaidh breis eolais maidir le measúnú táillí nó déan teagmháil le hOi fi g na dTáillí ar +353 91 742139 . Cuireann an suíomh gréasáin www.student fi nance.ie eolas tairbheach ar fáil maidir le deontais agus cabhair airgeadais eile. DEONTAIS Is gá go ndéanfar gach iarratas nua ar dheontas chuig SUSI (Tacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn) ag www.susi.ie nó teil: +353 761 087874 . Má ghlactar leis, íocfaidh SUSI Ranníocaíocht na Mac Léinn go díreach le GMIT. Níl sé riachtanach go mbeadh tairiscint ar áit choláiste faighte ag an mac léinn nó go mbeadh siad cláraithe sa choláiste sula ndéanfar iarratas ar líne. Dóibh siúd a bhfuil an táille íoctha acu idir an dá linn, déanfaidh oi fi g na ndeontas aisíocaíocht leo. Tuilleadh eolais ar dheontais le fáil ar: www.citizensinformation.ie nó www.student fi nance.ie

209

Powered by