GMIT Prospectus 2022/23

TAIRISCINTÍ Gnáthiarratasóirí

Déanfaidh an LOI tairiscintí an chéad bhabhta i mí Lúnasa tar éis eisiúint torthaí na hArdteistiméireachta. Déanfar an rogha cláir is airde a bhfuil an mac léinn incháilithe dó a thairiscint bunaithe ar na pointí atá gnóthaithe san Ardteistiméireacht. Iarratasóirí Lánfhásta Déanfaidh an LOI tairiscintí don cuóta áiteanna go luath i mí Iúil. D’fhéadfaí tairiscintí breise a dhéanamh níos déanaí faoi réir ag infhaighteacht áiteanna. Polasaí Iarchurtha (Iarratasóirí LOI) Féadfaidh iarratasóir a fhaigheann tairiscint ar áit iarchur go dtí an chéad bhliain acadúil eile a iarraidh. Féadfaidh iarratasóirí iarchur a dhéanamh ar chúis ar bith seachas freastal ar chlár staidéir eile tríú leibhéal lánaimseartha nó an Ardteistiméireacht a dhéanamh athuair. Is faoi rogha na hinstitiúide atá sé go mbronnfar iarchur. Nós Imeachta Iarchurtha 1. NÁ glac leis an tairiscint ar an gcaoi a dtaispeántar ar Fhógra Tairisceana an LOI. 2. Cuir r-phost láithreach chuig an Oi fi geach Iontrálacha ag admissions@gmit.ie ag iarraidh iarratas a dhéanamh ar iarchur. Ansin seolfaidh an oi fi g iontrála foirm iarratais iarchurtha chugat. • Ní mór an fhoirm iarratais iarchurtha a chomhlánú 2 lá ar a laghad roimh an “dáta freagartha” a thaispeántar ar fhógra tairisceana an CAO. Déantar iarratais ar iarchur a mheas ar bhonn an cháis aonair agus cuirfear réimse fachtóirí san áireamh ar a n-áirítear éileamh ar an gclár, cineál na tairisceana agus cúiseanna atá leagtha amach ag an iarratasóir. Éilítear ar iarratasóirí an chúis lena n-iarratas a chur ar fáil. Féadfar iarchuir a dheonú ar bhonn breoiteachta deimhnithe, cruatan airgeadais, méala teaghlaigh, fadhbanna síceolaíochta nó deacrachtaí mothúchánacha nó sóisialta. Caifear cáipéisíocht fhoirmiúil a sholáthar ó ghairmithe atá deimhnithe go cuí. Chun cinntiú go mbeidh dóthain áiteanna d’iarratasóirí na bliana seo chugainn, tá teorainn, 5% de ghnáth, ar líon na n-iarchur gur féidir a dheonú ar gach clár. Cé is moite d’imthosca eisceachtúil ní dheonófar iarchur ar thairiscintí déanacha babhta CAO, iontráil lánfhásta ar chláir ardéilimh ná do thairiscíntí altranais QQI FET. • Cuir fi dh an Oi fi g Iontrála an cinneadh in iúl don iarratasóir trí ríomhphost laistigh de sheachtain tar éis an t-iarratas a fháil. 3. Ba cheart don litir an Oi fi g Iontrálacha, GMIT a bhaint amach dhá lá ar a laghad roimh an dáta don fhreagra a thaispeántar ar an bhfógra tairisceana. 4. Chun glacadh leis an áit iarchurtha, ní mór don iarratasóir iarratas a dhéanamh in athuair don LOI faoin 1 Feabhra an bhliain dar gcionn agus an clár iarchurtha á chur mar an gcéad agus an t-aon rogha ar an bhfoirm iarratais. Ba chóir d’iarratasóirí freisin an t-iarchur a chur in iúl trí tic a chur sa bhosca iarchurtha ar a gcuid iarratas. 5. Bris fi dh tú coinníollacha don áit iarchurtha má chuireann tú níos mó ná an cúrsa iarchurtha amháin ar an iarratas. Treoirlínte Aistrithe Inmheánaigh GMIT (Mic léinn a nglactar leo tríd an LOI) 1. Ní mór do mhic léinn labhairt le Ceann Roinne an chláir ar a bhfuil siad ag déanamh freastail air agus le Ceann Roinne an chláir ar a bhfuil siad ag iarraidh aistriú go dtí sula gcuir fi dh siad isteach a n-iarratais aistrithe. 2. Ní mór íoslíon, ar a laghad, de na scothphointí a bheith ag an aistrí don chlár ar a mbeifear ag aistriú. 3. Cé is moite de chéimeanna altranais, bheadh cruthú áit bhreise ar an gclár atá á lorg mar thoradh ar aistriú ar bith. Ní cheadaítear aistrithe ar chláir altranais. 4. Tabharfar aird ar leith ar iarratais ar aistriú bunaithe ar chúinsí sláinte agus sábháilteachta, míchumais nó tosca maolaitheacha eile atá i gceist. 5. I gcúinsí áirithe déanfaidh GMIT éascaíocht do mhic léinn a bhfuil Bliain a 1 nó níos airde i gclár comhlíonta acu agus iad ag iarraidh aistriú go clár eile san GMIT. Tabhair faoi deara go gcaithfear cloí le pointí 2 agus 3 thuas agus go gcaith fi dh Staid 1 den chlár ar a bhfuil siad cláraithe a bheith críochnaithe agus pas faighte acu ann. 6. Níl an t-iarratas aistrithe comhaontaithe ina iomlán go dtí go bhfuil sé deimhnithe ag an Oi fi geach Iontrála go gcomhlíonann an mac léinn na pointí iontrála agus na riachtanais agus go bhfuil pas faighte aige/aici i Staid 1 den chúrsa ar a bhfuil sé/sí cláraithe (más bainteach). 7. Caithfear gach iarratas aistrithe a chur isteach roimh dheireadh Seachtain 4 den chéad seimeastar bliantúil.

208

Powered by