GMIT Prospectus 2022/23

d) GC(S)E agus Scrúduithe Fágála Scoile Eile Cuirfear teaglaim de GCSE agus GCE A-Leibhéal agus Leibhéal AS ag gráid áirithe agus A-Leibhéil Fheidhmeach Thuaisceart Éireann nó na Breataine san áireamh. (Féach na sonraí ar www.cao.ie Applicant Scoring).

k) Ardteastas Ceirde (QQI FET Leibhéal 6) i) Cáilíonn an tArdteastas Ceirde iarratasóirí le haghaidh iontrála do bhliain a haon de chláir Leibhéal 6, Leibhéal 7 nó Leibhéal 8 (QQI) nó d’iontráil do bhliain a dó de chláir nasctha/ghaolmhara (m.sh. innealtóireacht leictreach nó leictreonach nó fuinnimh) go díreach nó tar éis nasc-chlár gearr a chur i gcrích, go mórmhór sa mhatamaitic. ii) Measfar printísigh a bhfuil Staid 6 den phrintíseacht cheirde (Ardteastas Ceirde) curtha i gcrích acu, a bheith incháilithe chun íosriachtanais iontrála do gach clár i GMIT a chomhlíonadh.

e) Scrúduithe Fágála Scoile eile an Aontais Eorpaigh (AE) Déanann an Institiúid iarratais a mheasúnú agus a scóráil.

f) Bonnteastas QQI FET agus Comh-Bhonntheastais GMIT/NUIG Tá mic léinn a chuireann cláir i gcrích go rathúil, incháilithe le haghaidh iontrála trí phróiseas na n-áiteanna ráthaithe, nó tríd an bpróiseas do mhic léinn lánfhásta. g) Clár na hArdteistiméireachta Gairmiúla (CATG) Measfar ‘Nasc-Mhodúl’ CATG a bheith ina ábhar pasála má bhaineann an mac léinn grád pas amach. Bain fi dh sé sin le hiontráil do chláir ardteastais (Leibhéal 6), na gnáthchéime (Leibhéal 7), agus na céime onóracha` (Leibhéal 8). Cuirtear toradh an ‘Nasc-Mhodúil’ san áireamh agus féadfar é a úsáid mar cheann amháin de na sé ábhar is fearr. Bronntar pointí ar bhonn an rangaithe thíos. ‘Ábhar’ Nascmhodúil (CATG)

l) Riachtanais Bhéarla

Clár

Riachtanais

Ní mór d’iarratasóirí Neamh-AE, nach cainteoirí Béarla iad, íos-scór de 6.5 a bheith acu sa Chóras Tástála Idirnáisiúnta Béarla (CTIB - Acadúil) nó a chóibhéis. Moltar d’iarratasóirí AE, nach cainteoirí Béarla iad, íos- scór de 6.5 a bheith acu sa Chóras Tástála Idirnáisiúnta Béarla (CTIB - Acadúil) nó a chóibhéis.

Iarratasóirí Neamh-AE:

Iarratasóirí AE:

Pas

Tuillteanas 46 pointe

Gradam 66 pointe

m) Mic Léinn Idirnáisiúnta Féach ar roinn na n Deiseanna Domhanda le haghaidh tuilleadh eolais.

28 pointe

h) Bonnleibhéal Matamaitice Glacfar le pas i mbonnleibhéal matamaitice ag leibhéal B2 nó níos airde mar chomhlíonadh íosriachtanas iontrála do chláir a éilíonn íosleibhéal iontrála faoi láthair de leibhéal O6 i ngnáth-mhatamaitic Ardteistiméireachta, cé is moite d’innealtóireacht (ar a n-áirítear gach clár ag Leitir Fraic) agus altranas.

ROGHNÚ Cláir na Chéad Bhliana Déanfar gnáthiarratasóirí a mheasúnú ar bhonn cáilíochtaí oideachais amháin cé is moite de na cláir shrianta. Déanfar iarratasóirí a rangú bunaithe ar rátáil phointí na hArdteistiméireachta de réir Tábla 1 thíos. Déanfar na pointí a ríomh ar bhonn na sé ábhar is fearr in aon Ardteistiméireacht amháin. D’fhéadfaí riachtanais incháilitheachta i dtéarmaí ábhar Ardteistiméireachta a chomhlíonadh thar dhá Ardteistiméireacht nó níos mó. Déanfar iarratasóirí a ghnóthaigh Ardteistiméireacht idir 1992 agus 2016 a scóráil de réir Tábla 2. Pointí Bónais don Ardmhatamaitic * Cuirfear bónas de 25 phointe leis an scór pointí do H6 nó níos airde i matamaitic ardleibhéal. Ní bhíonn na pointí bónais cuimsithe i ríomh na bpointí foriomlána ach amháin nuair a bhíonn an mhatamaitic ar cheann de na sé ábhar is fearr tar éis an bónas a chur leis. Bronnfar pointí bónais is cuma cén bhliain a ndearnadh an scrúdú.

Áit a nglacfar le bonnleibhéal matamaitice mar ábhar pasála, ag íosghrád B2, cuirfear an córas scórála pointí seo a leanas i bhfeidhm:

F1 20

F2 12

Tabhair faoi deara: Cuirtear in iúl d’iarratasóirí, d’ainneoin go bhféadfadh matamaitic bhonnléibhéal bunriachtanas na matamaitice a chomhlíonadh d’iontráil ar roinnt clár acadúil, go n-éilíonn fostóirí áirithe an mhatamaitic ag gnáthleibhéal nó ardleibhéal chun an íosghnóthachtáil oideachais a chomhlíonadh do roinnt post. i) Bonnleibhéal Gaeilge Comhlíonann Bonnleibhéal Gaeilge, ag íosleibhéal B2, an t-íosriachtanas teanga le haghaidh iontrála ar gach clár seachas altranas. Ní bhronntar pointí LOI ar bith ar bhonnleibhéal Gaeilge. j) Ardteistiméireacht Fheidhmeach (ATF) Ní chomhlíonann an Ardteistiméireacht Fheidhmeach íosriachtanais iontrála le haghaidh cláir na hInstitiúide. Féadfaidh sealbhóirí na hATF iontráil a ghnóthú tar éis Mórdhámhachtain QQI FET Leibhéal 5 nó 6 a chur i gcrích.

205

Powered by