GMIT Prospectus 2022/23

IONTRÁIL DON GMIT

Iarratais LOI Iarratasóirí Lánfhásta Iarratais Dhíreacha Riachtanais Iontrála

202 202 203 204

Roghnú Tairiscintí Táillí Deontais

205 208 209 209

Scrúdú Iontrála Matamaitice Is féidir le daltaí nár éirigh leo an grád riachtanach a bhaint amach sa mhata chun iontráil a fháil ar a rogha clár GMIT tabhairt faoin Scrúdú Iontrála Matamaitice. Tugann sé seo 'an dara seans' do dhaltaí, a bhfuil iontráil riachtanach bainte amach acu ar gach bealach eile, an grád riachtanach a bhaint amach sa mhata. Tá an scrúdú iontrála bunaithe ar shiollabas ghnáthleibhéal na hardteiste agus is de chaighdeán inchomparáide an scrúdú seo agus páipéar ghnáthleibhéal na hardteiste. Glacfar leis go bhfuil na híosriachtanais iontrála matamaitice bainte amach ag iarratasóirí a fhaigheann pas (40% nó níos mó) sa scrúdú seo agus glacfar leo ar chláir GMIT seachas iad siúd luaite i dTábla 1. Ní bhronnfar breisphointí LOI. Ofrálfar áit i mBabhta a 2 den LOI d'iarratasóirí a ghnóthaíonn pas sa scrúdú agus a bhaineann amach na riachtanais iontrála eile agus a bhfuil dóthain pointí acu dá rogha cúrsa i GMIT. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an Scrúdú Iontrála Matamaitice féach: www.gmit.ie/apply/enabling-maths IARRATASÓIRÍ LÁNFHÁSTA Treoirlínte d’Iarratasóirí Lánfhásta Fáiltíonn an GMIT roimh iarratais ó iarratasóirí lánfhásta: Náisiúnaigh AE atá 23 bliain ar nó roimh 1 Eanáir 2021. Tá cuóta áiteanna curtha in áirithe d'iarratasóirí lánfhásta ar gach clár. Iarratasóirí Lánfhásta • Ní gá dóibh riachtanais iontrála/pointí na hArdteistiméireachta a chomhlíonadh. • Déantar iad a mheasúnú ar bhonn an duine aonair agus caith fi dh siad Ráiteas Suime a dhéantar measúnú air, a dtaithí oibre agus cruthúnas ar a n-inniúlacht agus a gcumas le tabhairt faoin gcúrsa a chur ar fáil. • D’fhéadfadh sé go nglaofaí chun agallaimh iad do chúrsaí ar leith. Iarratais dhéanacha ó mhic léinn lánfhásta • Tabharfar aird ar iarratais dhéanacha ach reáchtálfar na hagallaimh/measúnuithe níos déanaí ná mar is gnáth. • Féadfaidh iarratasóirí lánfhásta cur isteach freisin ar chlár ar bith a fhógraíonn áiteanna ar fáil/folamh acu. • Moltar d’iarratasóirí dul i dteagmháil leis an Oi fi g Iontrálacha roimh chur isteach ar an LOI. Iarratasóirí Lánfhásta Altranais • Ní mór d’iarratasóirí iarratas a dhéanamh agus dul faoi thástáil measúnaithe scríofa an NCC, riartha ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (SCP). Déanfar iarratasóirí rathúla a rangú ansin de réir ord fi úntais do gach cúrsa ar cuireadh isteach air. • Pléifear iarratais dhéanacha nuair atá an tástáil scríofa comhlánaithe. (Tá sonraí le fáil ón mBord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann, 18/20 Ascaill Dhún Chéirigh, An Charraig Dhubh, Co. Bhaile Átha Cliath . Teil: +353 1 6398528 . www.nmbi.ie )

IARRATAIS LOI Cuireann Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo raon leathan cúrsaí deimhnithe ar fáil ag na leibhéil ardteastas, céim bhaitsiléara agus céim bhaitsiléara onóracha. Tugann struchtúir na gclár an-solúbthacht do mhic léinn cinneadh a dhéanamh maidir lena gconair ghairme. Is féidir le mic léinn rogha a dhéanamh críoch a chur lena gcuid staidéir tar éis dhá bhliain agus ardteastas a fháil nó, tar éis gráid sách maith a bhaint amach, dul ar aghaidh go dtí leibhéal céime agus/nó leibhéal céime onóracha. Iarratais Déantar iarratais ar an gcéad bhliain de gach clár Ardteastais (Leibhéal 6), Céim Bhaitsiléara (Leibhéal 7) agus Céim Bhaitsiléara Onóracha (Leibhéal 8) lánaimseartha chuig: An Lároi fi g Iarratas (LOI), Teach an Túir, Sráid Eglinton, Gaillimh Teil: 091-509800 Facs: 091-562344 Suíomh Gréasáin: www.cao.ie Tugann Lámhleabhar an LOI sonraí maidir le dátaí agus nósanna imeachta iarratas. Príomh-Spriocdhátaí le haghaidh iarratas don LOI do na blianta 2022/2023

Príomh- Spriocdhátaí LOI 20 Eanáir 2022 (5 i.n.) 1ú Feabhra (5 i.n.)

Gach mac léinn atá ag dul faoin Ardteistiméireacht (Éireannach, Aontas Eorpach, Neamh-Aontas Eorpach) nó dámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna (QQI) Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann Dáta deiridh do luathiarratais ar líne. Beidh táille €30 le n-íoc roimh an dáta seo agus méadaíonn sé go dtí €45 , suas go dti an 1ú Feabhra. Dáta deiridh do ghnáthiarratais (mic léinn lánfhásta san áireamh) chuig an LOI d'iontráil ar gach cúrsa fochéime chéad bhliana Áis ar líne ar fáil chun rogha cúrsa a athrú. Táille dheireanach €10 le n-íoc suas go dtí 1 Márta. Dáta deiridh d'iarratais LOI deireanach (mic léinn lánfhásta san áireamh). ’Sén táille atá le n-íoc d'iarratais ar líne suas go dtí an dáta seo ná €60 .

4 Feabhra

1 Bealtaine (5 i.n.)

5 Bealtaine

Osclaíonn áis athrú intinne an LOI.

1 Iúil (5 i.n.) 22 Iúil

Dáta deiridh chun aon athrú a dhéanamh ar rogha do chúrsa nó ar ord na roghanna ar gach iarratas LOI.

Iarratasóirí in oideachas triú leibhéal cheana féin.

Éilítear ar iarratasóirí Neamh-AE, Neamhchónaitheacha nó ar iarratasóirí as institiúidí a bhfuil comhaontú déthaobhach acu le GMIT iarratas a dhéanamh go díreach le hOi fi g Idirnáisiúnta GMIT.

202

Powered by