NUI Galway Postgraduate Prospectus 2021

Léann Teanga (MA/Dioplóma Iarchéime) Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta, agus an Léinn Cheiltigh

NA CLÁIR: MA/Dioplóma Iarchéime

FAD AMA: Go páirtaimseartha thar dhá bhliain acadúla don Dioplóma Iarchéime. Scríobhfaidh mic léinn an MA tráchtas idir Aibreán agus Lúnasa tar éis an dara bliain. Lena chois sin, is féidir tabhairt faoin gclár seo ar bhonn modúil. LÍON ÁITEANNA: 20

Do Chúrsa Is é aidhm an chúrsa seo oiliúint i ngnéithe den Léann Teanga a chur ar mhic léinn a chuirfidh ar a gcumas feidhmiú go gairmiúil trí Ghaeilge, in earnálacha éagsúla. Tabharfar léargas do na mic léinn ar bhunghnéithe faoi leith den Léann Teanga. Díríonn na mic léinn, trí mhodúil sainábhair, ar cheann amháin de na príomhdhisciplíní seo a leanas: Aistriúchán nó Pleanáil Teanga. Cuirfear oiliúint ar fáil i ngnéithe tábhachtacha den Léann Teanga: Cruinnscríobh na Gaeilge, Modheolaíochtaí Taighde, an Scríbhneoireacht Acadúil, agus gnéithe den Chumarsáid Ghairmiúil. Is féidir le mic léinn an MA sa Léann Teanga cur isteach ar Scoláireacht Mhic Dhonncha nó ar Sparánacht Choilm Uí Eocha, féach: www.nuigalway.ie/postgraduate_scholarships . Deiseanna Gairme Ullmhóidh an cúrsa seo thú chun tabhairt faoi ghairm in earnáil na teanga. I measc na n-eagraíochtaí a fhostaíonn mic léinn de chuid an chúrsa seo, tá institiúidí an Aontais Eorpaigh, institiúidí aistriúcháin de chuid an Stáit, cuideachtaí príobháideacha aistriúcháin, údaráis áitiúla, eagraíochtaí forbartha de chuid an Stáit, institiúidí oideachais, eagraíochtaí pobail, etc. Riachtanais Iontrála Bunchéim 2.2 ag leibhéal 8 nó 2.2 i gclár iarchéime i réimse gaolmhar, mar aon le caighdeán sásúil i scríobh na Gaeilge—déanfar é seo a mheas le scrúdú iontrála. Is féidir le hiarrthóirí nach bhfuil na cáilíochtaí acadúla cuí acu, ach a bhfuil ar a laghad cúig bliana de thaithí ghairmiúil acu i réimse gaolmhar d’earnáil na teanga, iarratas a dhéanamh faoi chóras na hOllscoile d’Aitheantas don Réamhfhoghlaim (RPL). TUILLEADH EOLAIS LE FÁIL AG: www.nuigalway.ie/courses/taught-postgraduate-courses/ leann-teanga.html

CÓD AN CHÚRSA: 1MLT1 TÁILLÍ AGUS MAOINIÚ: Le

tuilleadh eolais a fháil faoi tháillí agus faoi dheiseanna maidir le maoiniú féach leathanaigh 286 agus 288. Is féidir le mic léinn an MA sa Léann Teanga cur isteach ar Scoláireacht Mhic Dhonncha, féach: www.nuigalway.ie/postgraduate_ scholarships . CATHAIN IARRATAS A DHÉANAMH: Níl aon dáta deiridh leagtha síos ag OÉ Gaillimh maidir le glacadh le hiarratais (seachas i gcásanna eisceachtúla). Eiseofar tairiscintí ar bhonn leanúnach. Iarrtar ar iarratasóirí iarratais a dhéanamh chomh luath agus is féidir. Chun na mionsonraí ar fad a fheiceáil maidir le cathain agus conas iarratas a dhéanamh féach leathanach 284.

SONRAÍ TEAGMHÁLA Tomás Ó Maolalaidh F: +353 91 492 734 R: leannteanga@oegaillimh.ie

CÚISEANNA CHUN TABHAIRT FAOIN gCÚRSA 1. Ullmhóidh an cúrsa seo tú chun tabhairt faoi ghairm in earnáil na teanga. 2. Beidh deis speisialtóireacht a dhéanamh i réimse an Aistriúcháin nó na Pleanála Teanga. 3. I measc na n-eagraíochtaí a fhostaíonn iarchéimithe an chúrsa seo, tá institiúidí an Aontais Eorpaigh, institiúidí aistriúcháin de chuid an Stáit, cuideachtaí príobháideacha aistriúcháin, údaráis áitiúla, eagraíochtaí forbartha de chuid an Stáit, institiúidí oideachais, eagraíochtaí pobail, etc.

An mian leat iarratas a dhéanamh? www.nuigalway.ie/apply

46

Powered by