NUI Galway Postgraduate Prospectus 2021

Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta, agus an Léinn Cheiltigh

SONRAÍ TEAGMHÁLA Eoin Ó Droighneáin F: +353 91 493 366 Tomás Ó Maolalaidh F: +353 91 492 734 R: aistriuchan@oegaillimh.ie leanúnach. Iarrtar ar iarratasóirí iarratais a dhéanamh chomh luath agus is féidir. Chun na mionsonraí ar fad a fheiceáil maidir le cathain agus conas iarratas a dhéanamh féach leathanach 284. CÚISEANNA CHUN TABHAIRT FAOIN gCÚRSA 1. Is féidir tabhairt faoin gcúrsa seo agus tú áit ar bith sa tír nó níos faide i gcéin—beidh formhór an chúrsa ar bun ar líne mar aon le sé cheardlann lae sa bhliain (ar an Satharn) ar champas na hOllscoile. 2. Gheobhaidh tú léargas grinn ar cheird an aistriúcháin agus cuirfear oiliúint den scoth ort i ngnéithe tábhachtacha den cheird sin. 3. Beidh tú ag déileáil le teagascóirí a bhfuil taithí na mblianta acu ar shaol gairmiúil an aistritheora. NA CLÁIR: Teastas Iarchéime FAD AMA: Bliain amháin nó dhá bhliain LÍON ÁITEANNA: 20 CÓD AN CHÚRSA: 1TLA1 TÁILLÍ AGUS MAOINIÚ: Le tuilleadh eolais a fháil faoi tháillí agus faoi dheiseanna maidir le maoiniú, féach leathanaigh 286 agus 288. CATHAIN IARRATAS A DHÉANAMH: Níl aon dáta deiridh leagtha síos ag OÉ Gaillimh maidir le glacadh le hiarratais (seachas i gcásanna eisceachtúla). Eiseofar tairiscintí ar bhonn

Léann an Aistriúcháin (Teastas Iarchéime)

Do Chúrsa Tá an cúrsa seo á chur ar fáil ar mhaithe leo siúd ar spéis leo oiliúint i ngnéithe de Léann an Aistriúcháin a chuirfeadh ar a gcumas scileanna aistriúcháin a fheidhmiú go gairmiúil, in earnálacha éagsúla. Déanfar scrúdú grinn ar an leagan is déanaí de Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge mar bhunchloch d’obair an aistritheora. Chomh maith le hoiliúint sna cineálacha téacsanna ginearálta is minice a bhíonn á láimhseáil ag aistritheoirí, tabharfar dúshlán an mhic léinn chomh maith i sainréimsí an aistriúcháin liteartha agus an aistriúcháin reachtaíochta. Gheofar léargas ar na huirlisí éagsúla teicneolaíochta a mbaineann aistritheoirí na Gaeilge leas astu— bogearraí aistriúcháin ríomhchuidithe ina measc. Toisc gur foghlaim chumaisc (meascán de ranganna ar líne agus roinnt ceardlann ar an gcampas féin) atá i gceist, feileann an cúrsa seo thar cionn do dhaoine atá ag obair go lánaimseartha nó go páirtaimseartha. Deiseanna Gairme Baineann an-chuid deiseanna oibre leis an aistriúchán: mar fhéinfhostaíocht, mar shlí bheatha do dhaoine ar mhaith leo a bheith ag obair sa bhaile, agus mar bhealach chun ioncam breise a ghnóthú don té atá ag obair i bpost lánaimseartha nó páirtaimseartha. Éiríonn le daoine a bhfuil cáilíocht aistriúcháin acu poist a fháil go rialta le gnólachtaí aistriúcháin, na meáin chumarsáide, eagraíochtaí Gaeilge, institiúidí an Aontais Eorpaigh, agus eagraíochtaí stáit. Riachtanais Iontrála Bunchéim Dara hOnóracha, Grád 2 ag leibhéal 8, nó Dara hOnóracha, Grád 2 i gclár iarchéime i réimse gaolmhar. Ní mór d’iarrthóirí tabhairt faoi scrúdú iontrála chun a gcumas i scríobh na Gaeilge a léiriú. TUILLEADH EOLAIS LE FÁIL AG: www.nuigalway.ie/acadamh/cursai/cursai_iarcheime/ teastas_iarcheime_leann_aistriuchain/

An mian leat iarratas a dhéanamh? www.nuigalway.ie/apply

45

Powered by