NUI Galway Postgraduate Prospectus 2021

Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta, agus an Léinn Cheiltigh

NA CLÁIR: Ard-Dioplóma FAD AMA: Dhá bhliain, páirtaimseartha LÍON ÁITEANNA: 30 CÓD AN CHÚRSA: 1AGF1 (páirtaimseartha); 1AGF2 (ar bhonn modúil))

Gaeilge Fheidhmeach (Ard-Dioplóma)

TÁILLÍ AGUS MAOINIÚ: Chun tuilleadh eolais a fháil faoi tháillí agus faoi dheiseanna maidir le maoiniú féach leathanaigh 286 agus 288. CATHAIN IARRATAS A DHÉANAMH: Déan iarratas ag www.oegaillimh.ie/acadamh

Do Chúrsa Is cúrsa dhá bhliain atá i gceist leis an Ard-Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach atá dírithe go príomha ar mhic léinn a bhfuil céim onóracha bainte amach acu cheana féin i ndisciplín seachas an Ghaeilge ach atá ag iarraidh an Ghaeilge a shaothrú mar ábhar acadúil ag leibhéal 8. Ag deireadh an chláir seo, beidh an mac léinn ábalta: • Ardchaighdeán Gaeilge idir labhairt agus scríobh (leibhéal B2 ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha) a léiriú; • Bunchoincheapa an bhéaloidis a mhíniú agus a léiriú; • Léargas a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le haistriúchán go Gaeilge agus ón nGaeilge; • Stair na meán traidisiúnta agus comhaimseartha a phlé; • Anailís chriticiúil a dhéanamh ar théacsanna liteartha; • Dioscúrsa acadúil a chur i láthair i bhfoirm scríofa i nGaeilge. Deiseanna Gairme Tabharfaidh an tArd-Dioplóma seo cáilíocht aitheanta sa Ghaeilge do mhic léinn, cáilíocht a chuirfidh go suntasach lena gcuid deiseanna fostaíochta, san earnáil oideachais go háirithe. Beidh deiseanna freisin ag mic léinn oibriú sna meáin chumarsáide, sa tseirbhís phoiblí, in earnáil an aistriúcháin agus san earnáil phobail. Beidh deiseanna ag mic léinn a bhaineann an tArd-Dioplóma seo amach leanúint dá gcuid staidéir ar an nGaeilge ar an MA sa Léann Teanga, an MA sa Nua-Ghaeilge nó an MA san Ateangaireacht Chomhdhála. Riachtanais Iontrála Beidh céim onóracha, nó a comhionann, in ábhar ar bith riachtanach le tabhairt faoi Ard-Dioplóma seo. Ina theannta sin, caithfidh iarrthóirí a léiriú do stiúrthóir an chúrsa go bhfuil cumas sách ard sa Ghaeilge, idir labhairt agus scríobh, acu chun tabhairt faoin gcúrsa go sásúil. TUILLEADH EOLAIS LE FÁIL AG: www.nuigalway.ie/acadamh/cursai/cursai_iarcheime/ ard_diop_gaeilge_fheidhmeach

SONRAÍ TEAGMHÁLA Dr Éamon Ó Cofaigh F: +353 91 493 802 R: eamon.ocofaigh@oegaillimh.ie

CÚISEANNA CHUN TABHAIRT FAOIN gCÚRSA 1. Dearadh ábhar an chláir léinn seo le go dtiocfadh an cháilíocht le riachtanais na Comhairle Múinteoireachta don ábhar curaclaim Gaeilge. 2. Seachadfar an clár ar bhonn páirtaimseartha thar dhá bhliain agus bainfear leas as foghlaim chumaisc lena thairiscint. Tabharfar deis d’fhoghlaimeoirí a gclár ama agus a n-ualach oibre a chur in oiriúint dá gcúinsí maireachtála féin. 3. Tabharfaidh na teagascóirí tacaíocht agus aiseolas ag ceardlanna míosúla ar champas na hOllscoile. Tabharfaidh siad tacaíocht agus aiseolas ar líne do mhic léinn ar an ríomhphost agus ar fhóram plé freisin.

An mian leat iarratas a dhéanamh? www.oegaillimh.ie/ acadamh

44

Powered by