NUI Galway Postgraduate Prospectus 2021

Cleachtas Gairmiúil sna Meáin (MA/Dioplóma Iarchéime) Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta, agus an Léinn Cheiltigh Do Chúrsa Páirtnéireacht eisceachtúil idir Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Raidió Teilifís Éireann is ea an MA (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin) atá á chur ar fáil trí mheán na Gaeilge ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Faoin bpáirtnéireacht seo, déanfaidh tú staidéar agus anailís chriticiúil ar na meáin agus ar chruinnscríobh na Gaeilge ar líne agus san Ollscoil; agus déanfaidh tú staidéar ar chleachtais ghairmiúla chomhaimseartha sna meáin in aonaid Ghaeilge éagsúla de chuid RTÉ i gConamara agus i mBaile Átha Cliath. Cur chuige nuálach agus tarraingteach é seo: beidh deis agat tréimhsí suntasacha a chaitheamh ar láithreacha oibre RTÉ le linn an chláir, ní mar ghnáth-intéirneach, ach mar mhac léinn a bheidh faoi stiúir acadúil leanúnach. Ar an gcaoi sin gheobhaidh tú taithí luachmhar san iriseoireacht, sa chraoltóireacht, agus i gcruthú ábhair d’ardáin ilmheán, agus tú ag feidhmiú mar ‘chleachtóir machnamhach’ sa mhórchraoltóir náisiúnta. Ar fáil tríd an fhoghlaim chumaisc: Cruinnscríobh na Gaeilge 1 (10 ECTS); Gnéithe den Chraoltóireacht Chomhaimseartha (10 ECTS); Iriseoireacht na Linne Seo (5 ECTS); Modheolaíochtaí Tionscadail agus Taighde (5 ECTS); Cruinnscríobh na Gaeilge 2 (10 ECTS); Cruthú Ábhair ar Ardáin Ilmheán (10 ECTS); Na Meáin agus a Luchtanna Féachana (5 ECTS); Eiticí agus Litearthacht na Meán (5 ECTS). Deiseanna Gairme Beidh deiseanna fostaíochta ar fáil do chéimithe an chláir i dtionscal na meán, i ngairmeacha gaolmhara, agus i réimse gairmeacha eile ina mbíonn sártuiscint agus taithí ar na meáin ina mbuntáistí sonracha. Ar na fostóirí sin tá RTÉ, TG4, BBC, stáisiúin raidió agus teilifíse áitiúla, comhlachtaí léiriúcháin teilifíse agus raidió, ardáin ilmheán, comhlachtaí caidrimh phoiblí, comhlachtaí stáit agus leathstáit, agus réimse leathan cuideachtaí agus gnólachtaí san earnáil phríobháideach. Riachtanais Iontrála Bunchéim Dara hOnóracha, Grád 2 ag leibhéal 8, nó Dara hOnóracha, Grád 2 i gclár iarchéime. Is féidir le hiarrthóirí nach bhfuil na cáilíochtaí acadúla cuí acu, ach a bhfuil ar a laghad cúig bliana de thaithí ghairmiúil acu i réimse na meán nó i réimse gaolmhar, iarratas a dhéanamh faoi chóras na hOllscoile d’Aitheantas don Réamhfhoghlaim (RPL). Is gá d’iarrthóirí Stiúrthóir Acadúil an chláir a shásamh go bhfuil an caighdeán seo acu sa Ghaeilge. TUILLEADH EOLAIS LE FÁIL AG: www.nuigalway.ie/courses/taught-postgraduate-courses/ cleachtas-gairmiuil-sna-meain.html

NA CLÁIR: MA/Dioplóma Iarchéime FAD AMA: Bliain amháin, lánaimseartha; dhá bhliain, páirtaimseartha LÍON ÁITEANNA: 15 CÓD AN CHÚRSA: 1MGM1 (lánaimseartha), 1MGM2 (páirtaimseartha) TÁILLÍ AGUS MAOINIÚ: Chun tuilleadh eolais a fháil faoi tháillí agus faoi dheiseanna maidir le maoiniú féach leathanaigh 286 agus 288. CATHAIN IARRATAS A DHÉANAMH: Níl aon dáta deiridh leagtha síos ag OÉ Gaillimh maidir le glacadh le hiarratais (seachas i gcásanna eisceachtúla). Eiseofar tairiscintí ar bhonn leanúnach. Cuirtear ina luí ar iarrthóirí iarratais a dhéanamh chomh luath agus is féidir.

SONRAÍ TEAGMHÁLA Aodh Ó Coileáin F: +353 87 928 3199 R: aodh.ocoileain@oegaillimh.ie

CÚISEANNA CHUN TABHAIRT FAOIN gCÚRSA 1. Taithí oibre an-suntasach le RTÉ le linn an chláir. 2. Staidéar agus taithí ar an iriseoireacht, ar an gcraoltóireacht agus ar an gcruthú ábhair d’ardáin ilmheán. 3. Iniúchadh ar na meáin sa saol comhaimseartha.

An mian leat iarratas a dhéanamh? www.nuigalway.ie/apply

43

Powered by