NUI Galway Postgraduate Prospectus 2021

Ateangaireacht Chomhdhála (MA/Dioplóma Iarchéime) Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta, agus an Léinn Cheiltigh

NA CLÁIR: MA/Dioplóma Iarchéime

FAD AMA: Dioplóma Iarchéime, bliain acadúil amháin; MA, bliain iomlán féilire (Meán Fómhair go Lúnasa) LÍON ÁITEANNA: 12 CÓD AN CHÚRSA: 1MAC1 (MA); 1MAC9 (Dioplóma Iarchéime) TÁILLÍ AGUS MAOINIÚ: LLe tuilleadh eolais a fháil faoi tháillí agus faoi dheiseanna maidir le maoiniú féach leathanaigh 286 agus 288. Tá mic léinn i dteideal cur isteach ar dheontas ó DG Interpretation ag bit.ly/3fDqm6 . CATHAIN IARRATAS A DHÉANAMH: Níl aon dáta deiridh leagtha síos ag OÉ Gaillimh maidir le glacadh le hiarratais (seachas i gcásanna eisceachtúla). Eiseofar tairiscintí ar bhonn leanúnach. Cuirtear ina luí ar iarratasóirí iarratais a dhéanamh chomh luath agus is féidir. Chun na mionsonraí ar fad a fheiceáil maidir le cathain agus conas iarratas a dhéanamh féach leathanach 284.

Do Chúrsa Déanfar staidéar ar an dá chineál ateangaireachta: ateangaireacht leantach agus ateangaireacht chomhuaineach. Bainfear úsáid as cleachtaí éagsúla chun oiliúint sna scileanna seo a chur ar mhic léinn: cleachtaí cuimhne; ateangaireacht gan nótaí; ateangaireacht le hamharc; teicnící um breacadh nótaí agus ateangaireacht chomhuaineach le script. Bainfear úsáid as an taisclann institiúide agus scrúdófar na hardáin nua um chianateangaireacht atá ag teacht chun cinn. Is iad an Ghaeilge, an Béarla, an Fhraincis, an Spáinnis, an Iodáilis agus an Ghearmáinis atá á dtairiscint mar theangacha an chúrsa seo. Déanfar staidéar ar theoiric agus cleachtas na hateangaireachta, áit a ndíreofar ar scileanna cumarsáide, e.g., glóroiliúint. Scrúdófar an eitic phroifisiúnta a bhaineann leis an gceird seo freisin, mar aon le nósanna imeachta comhdhála, cleachtais oibre agus dálaí oibre. Deiseanna Gairme Is gá cáilíocht iarchéime ateangaireachta a bheith bainte amach agat chun na scrúduithe idir-institiúideacha AE a dhéanamh agus tabhairt faoin obair ghairmiúil. Tá poist mhaithe ateangaireachta le fáil ar fud an domhain: éilítear seirbhísí ateangaireachta ag comhdhálacha, tionóil agus féilte. Tá céimithe an chúrsa ag obair in institiúid an AE agus na NA chomh maith le hinstitiúidí móra eile go hidirnáisiúnta. Riachtanais Iontrála Beidh céim onóracha 2.2 chomh maith le: • Sárchumas labhartha ina máthairtheanga ag iarrthóirí; • Sárchumas tuisceana ina dteangacha oibre; • Sárscileanna cumarsáide • Spreagadh láidir. TUILLEADH EOLAIS LE FÁIL AG: www.nuigalway.ie/courses/taught-postgraduate-courses/ ateangaireacht-chomhdhala-irish.html

SONRAÍ TEAGMHÁLA Susan Folan F: +353 91 495 810 R: ateangaireacht@oegaillimh.ie

CÚISEANNA CHUN TABHAIRT FAOIN gCÚRSA

1. Is gá go mbeadh iarchéim san ateangaireacht ag duine le tabhairt faoi na scrúduithe ateangaireachta idirnáisiúnta agus is é seo an t-aon chlár dá leithéid in Éirinn. 2. Tá poist mhaithe ateangaireachta le fáil ar fud an domhain go háirithe in institiúidí an AE. Eagróidh an Ollscoil seachtain staidéir chuig Coimisiún agus Parlaimint na hEorpa. 3. Ateangairí proifisiúnta atá gníomhach ar an margadh atá ag teagasc ar an gcúrsa seo

An mian leat iarratas a dhéanamh? www.nuigalway.ie/apply

41

Powered by