NUI Galway Postgraduate Prospectus 2021

Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta, agus an Léinn Cheiltigh

NA CLÁIR: Teastas Iarchéime FAD AMA: 2 bhliain, páirtaimseartha LÍON ÁITEANNA: 20 CÓD AN CHÚRSA: 1TAG1 TÁILLÍ AGUS MAOINIÚ: Le tuilleadh eolais a fháil faoi dheiseanna maidir le táillí agus maoiniú féach leathanaigh 286 agus 288. CATHAIN IARRATAS A DHÉANAMH: Níl aon dáta deiridh leagtha síos ag OÉ Gaillimh maidir le glacadh le hiarratais (seachas i gcásanna eisceachtúla). Eiseofar tairiscintí ar bhonn leanúnach. Cuirtear ina luí ar iarratasóirí iarratais a dhéanamh chomh luath agus is féidir. Chun na mionsonraí ar fad a fheiceáil maidir le cathain agus conas iarratas a dhéanamh féach leathanach 284.

Ardscileanna Gaeilge do Mhúinteoirí (Teastas Iarchéime)

Do Chúrsa Tá an teastas iarchéime 30 ECTS seo á thairiscint go páirtaimseartha do mhúinteoirí cáilithe ar mhian leo cur lena scileanna teanga agus ardchumas cruinnis a bhaint amach. Tá sé oiriúnach do mhúinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile, do mhúinteoirí Gaeilge agus do mhúinteoirí atá ag teagasc ábhair trí Ghaeilge i ngaelscoileanna, i ngaelcholáistí agus i scoileanna Gaeltachta. Baintear úsáid as teicneolaíocht foghlama agus modh seachadta a éascóidh rannpháirtíocht sa chlár léinn seo agus bíonn gach deis ag mic léinn an chláir a gcuid foghlama féin a bhainistiú ina gcuid ama féin. Is é comhsprioc an chúrsa go mbeidh an múinteoir ábalta straitéisí sealbhaithe agus saibhrithe teanga a fheidhmiú sa rang. Deiseanna Gairme Rachaidh an cháilíocht bhreisoiliúna seo go mór chun tairbhe rannpháirtithe ina gcuid oibre reatha agus cuirfidh an cháilíocht go mór le hinfhostaitheacht chéimithe an chúrsa freisin. Riachtanais Iontrála Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil bunchéim 2.2 ag leibhéal 8 acu san oideachas nó iarchéim ag leibhéal 9 san oideachas, nó iarrthóirí atá ag tabhairt faoi iarchéim san oideachas. (Is féidir le hiarrthóirí nach bhfuil na cáilíochtaí acadúla cuí acu, ach a bhfuil ar a laghad cúig bliana de thaithí ghairmiúil acu san earnáil oideachais iarratas a dhéanamh faoi chóras na hOllscoile d’Aitheantas don Réamhfhoghlaim [RPL]). TUILLEADH EOLAIS LE FÁIL AG: www.nuigalway.ie/courses/taught-postgraduate-courses/ ardscileanna-gaeilge-mhuinteoiri.html

SONRAÍ TEAGMHÁLA Dr Dorothy Ní Uigín,

Riarthóir Theagasc na Gaeilge, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. F: +353 91 493 493 R: dorothy.niuigin@oegaillimh.ie

CÚISEANNA CHUN TABHAIRT FAOIN gCÚRSA

1. Déanfar an cúrsa a reáchtáil ar bhonn na foghlama cumaisc trí mhodúil an chúrsa a sheachadadh ar líne. 2. Beidh deis ag rannpháirtithe an cúrsa a chríochnú thar dhá bhliain acadúla nó modúil aonair den chúrsa a ghlacadh in imeacht roinnt blianta. 3. Rachaidh an cháilíocht bhreisoiliúna seo go mór chun tairbhe rannpháirtithe ina gcuid oibre reatha agus cuirfidh an cháilíocht go mór le hinfhostaitheacht chéimithe an chúrsa freisin.

An mian leat iarratas a dhéanamh? www.nuigalway.ie/apply

40

Powered by