NUI Galway Postgraduate Prospectus 2021

Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta, agus an Léinn Cheiltigh Nua-Ghaeilge

AN CLÁR: MA FAD AMA:

1 bhliain, lánaimseartha; 2 bhliain, páirtaimseartha LÍON ÁITEANNA: Neamhtheoranta CÓD AN CHÚRSA: 1MNG1 (lánaimseartha); 1MNG2 (páirtaimseartha) TÁILLÍ AGUS MAOINIÚ: Le tuilleadh eolais a fháil faoi dheiseanna maidir le táillí agus maoiniú féach leathanaigh 286 agus 288. CATHAIN IARRATAS A DHÉANAMH: Níl aon dáta deiridh leagtha síos ag OÉ Gaillimh maidir le glacadh le hiarratais (seachas i gcásanna eisceachtúla). Eiseofar tairiscintí ar bhonn leanúnach. Cuirtear ina luí ar iarratasóirí iarratais a dhéanamh chomh luath agus is féidir. Chun na mionsonraí ar fad a fheiceáil maidir le cathain agus conas iarratas a dhéanamh féach leathanach 284.

Do Chúrsa Má tá fonn ortsa cur le caighdeán do chuid Gaeilge agus eolas breise a fháil ar litríocht, ar stair agus ar chultúr na teanga, seo é an cúrsa duitse. Gheobhaidh tú scileanna taighde, anailíse agus cumarsáide den chéad scoth a rachaidh chun do leasa sa saol gairmiúil trí chéile. Sa chúrsa idirdhisciplíneach seo, déanfaidh tú anailís chriticiúil ar réimsí éagsúla de léann comhaimseartha na Gaeilge: an Chritic Liteartha, an Chritic Chultúir agus Shóisialta agus an tSochtheangeolaíocht. Déanfaidh tú taighde nuálach, neamhspleách ar shainábhar de do rogha féin agus léireoidh tú an taighde sin i bhfoirm tráchtais. Is MA é seo i Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi ar féidir leat do chlár Máistreachta i Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr a chur in oiriúint duit féin, féach leathanach 26. Deiseanna Gairme Téann céimithe le MA sa Nua-Ghaeilge ag obair sa saol acadúil agus in earnáil an oideachais trí chéile agus in earnálacha mar an fhoilsitheoireacht, an tionscal oidhreachta, an státseirbhís, agus seirbhísí aistriúcháin agus ateangaireachta. Ina theannta sin, téann siad leis an iriseoireacht, idir chlóite, leictreonach agus chraolta, le heagraíochtaí mar TG4, RTÉ agus RTÉ Raidió na Gaeltachta agus stáisiúin réigiúnacha agus áitiúla eile. Bíonn iarchéimithe linn ag obair freisin in earnáil na Gaeilge, sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre, le leithéidí Údarás na Gaeltachta, Roinn na Gaeltachta, Gaillimh le Gaeilge agus eagraíochtaí eile. Más céimí de chuid OÉ Gaillimh thú, beidh deis agat ar Sparánacht Choilm Uí Eocha. Duais €3,000 í seo, a bhronntar gach bliain ar an té is airde marcanna ina gcéim agus atá cláraithe ar chúrsa iarchéime a mhúintear trí Ghaeilge. Riachtanais Iontrála Ní mór d’iarrthóirí céim dara honóracha 2.2 (ag leibhéal a 8 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí) a bheith acu, agus 2.1 sa Ghaeilge féin. Glacfar le hiarratais ó iarrthóirí a bhfuil céim 2.1 nó a comhionann acu in ábhar eile, ach caithfidh siad Stiúrthóir Acadúil an chúrsa a shásamh go bhfuil cumas dóthanach acu sa Ghaeilge chun tabhairt faoin gcúrsa, trí scrúdú agus/nó agallamh a dhéanamh. Is féidir le hiarrthóirí nach bhfuil na cáilíochtaí acadúla cuí acu, ach a bhfuil cúig bliana de thaithí chuí ghairmiúil acu, iarratas a dhéanamh faoi chóras na hOllscoile d’Aitheantas don Réamhfhoghlaim (RPL). FIND OUT MORE AT: www.nuigalway.ie/courses/taught-postgraduate-courses/ nua-ghaeilge-irish.html

SONRAÍ TEAGMHÁLA Fiona de Paor F: +353 91 492 564 R: fiona.depaor@oegaillimh.ie

CÚISEANNA CHUN TABHAIRT FAOIN gCÚRSA 1. Déanfaidh tú cúrsa nuálach, idirdhisciplíneach a thabharfaidh saineolas duit ar theanga, ar litríocht agus ar Léann na Nua- Ghaeilge in ollscoil a bhfuil cáil na Gaeilge uirthi. 2. Beidh tú in ann feidhmiú go cruinn ag leibhéal gairmiúil agus acadúil trí mheán na Gaeilge sa scríbhneoireacht agus sa labhairt.

3. Foghlaimeoidh tú conas taighde neamhspleách ar

ardchaighdeán a dhéanamh agus féadfaidh tú leanúint de léann na Gaeilge ag leibhéal dochtúireachta más mian leat.

An mian leat iarratas a dhéanamh? www.nuigalway.ie/apply

37

Powered by