Treoir don Chlárú ar Líne - Do Mhic Léinn na Chéad Bhliana

Fáilte ón Uachtarán

A mhac léinn, a chara,

Tá an-áthas orm fáilte a chur romhat mar mhac léinn in OÉ Gaillimh. Tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh agus tairbhe as an am a chaithfidh tú anseo.

Tugtar treoir faoin bpróiseas clárúcháin sa treoir seo.

Molaim duit go láidir an treoir seo a léamh go cúramach. Gheobhaidh tú freagraí anseo ar go leor ceisteanna a d’fhéadfadh a bheith agat ag an bpointe seo, chomh maith le treoracha tábhachtacha faoin bpróiseas clárúcháin in OÉ Gaillimh. Chomh maith leis sin, tá neart ábhar agus comhairle a chabhróidh leat sa chéad bhliain le fáil ar an suíomh gréasáin www.nuigalway.ie/startinguniversity . Guím gach rath ort i do chuid staidéir anseo in OÉ Gaillimh.

Mise le meas,

An tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh Uachtarán

Powered by