Cad ba cheart a dhéanamh anois?
2
Do Mhodúil a Roghnú
1
Sula roghnaíonn tú do mhodúil: - Téigh chuig an seisiún eolais faoi mhodúil le linn na seachtaine eolais - Léigh aon ábhar faoin gcúrsa atá ar fáil - Cliceáil anseo chun bileog eolais a fháil faoi conas do churaclam céad bhliana a chur le chéile. Do mhodúil a roghnú: Cliceáil ar ‘ SELECT SUBJECT/MODULES ’ ar leathanach do chúrsa. Féach ar an bhfíseán maidir le modúil a chur leis/a scriosadh Do mhodúil a dhearbhú: Agus na modúil roghnaithe agat tá sé an-tábhachtach ‘Confirm’ a bhrú agus leanúint ar aghaidh go ‘Finish’ Rochtain ar Blackboard: Nuair a bheidh na modúil roghnaithe agat, beidh rochtain agat orthu 24 uair a chloig ina dhiaidh sin ar Blackboard. Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais faoi Blackboard a fháil.
2
3
Roghnaigh do mhodúil
3
Do Chuntas Campais a chur ag obair - CASS (cuntas TF)
A luaithe is a bheidh tú cláraithe, ba cheart duit do Chuntas Campais (CASS) a chur ag obair láithreach. Tá an chéim seo an-tábhachtach .
NÍ MÓR duit do phasfhocal a athrú chun do chuntas a dhaingniú. Caithfidh do phasfhocal a bheith alfa-uimhriúil, 8 gcarachtar ar a laghad, agus caithfidh cás uachtair, cás íochtair agus saincharachtar a bheith ann, e.g. Farra12ige&.
Cliceáil anseo chun do Chuntas Campais a chur ag obair
Ní féidir leat logáil isteach? Ar díchumasaíodh do chuntas? An bhfuil cabhair ag teastáil uait? Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais faoi na seirbhísí TF atá ar fáil in OÉ Gaillimh a fháil.
Powered by FlippingBook