GMIT Prospectus 2021/22

IARRATAIS DHÍREACHA Baintear úsáid as iarratas díreach d'Ardteastais, do Ghnáthchéimeanna agus Céimeanna Onóracha forlíontacha, d’aistrithe, do mhodúil sa mhodh CCTM agus do chláir a bhfuil taithí oibre ina riachtanas iontrála dóibh. Iarratas Ba cheart iarratais ar iontráil ar chláir ghnáthchéime forlíontaí nó céime onóracha, nó ar aistriú go dtí an dara bliain nó blianta ina dhiaidh sin de chláir, a dhéanamh ar líne trí mheán an naisc seo a leanas http://www.gmit.ie/apply/apply-gmit Glacfar le hiarratais ón 1 Eanáir go dtí 31 Bealtaine . Cuirfear iarratais dhéanacha san áireamh le haghaidh áiteanna folmha. Ní chuirfear aon iarratas a fhaightear tar éis an dáta seo san áireamh ach amháin sa chás go mbeidh áiteanna fós ar fáil. Is é an ‘córas dréimire‘ ceann de na gnéithe uathúla is mó a bhaineann le formhór na gclár de chuid GMIT faoinar féidir le mic léinn dul ar aghaidh ó ardteastas go dtí céim bhaitsiléara agus/nó céim bhaitsiléara onóracha. Polasaí Dul Chun Cinn GMIT Tá mic léinn a fhaigheann pas i scrúduithe an Ardteastais (Leibhéal 6) nó na Céime Baitsiléara (Leibhéal 7) incháilithe le dul ar aghaidh go dtí ábhar gaolmhar dámhachtana ag leibhéal níos airde, faoi réir ag infhaighteacht áiteanna. Aistrithe Cuirfear mic léinn as Institiúidí Ardoideachais eile a chuirfidh isteach ar aistriú go dtí an dara staid nó go staid eile de chlár san áireamh faoi réir ag áiteanna a bheith ar fáil ar an gclár sin. Ní mór pas a bheith ag iarratasóirí sna scrúduithe staide agus na torthaí foghlama a bheith bainte amach acu le haghaidh dul ar aghaidh go dtí an clár i GMIT. Déanfar iarratasóirí a rangú ar an meántoradh foriomlán má bhíonn an t-éileamh níos airde ná líon na n-áiteanna atá ar fáil. Tabharfar tairiscintí le haghaidh aon áiteanna atá ar fáil faoi dheireadh Iúil. Uasiontráil Tá sealbhóirí dámhachtainí QQI FET Leibhéal 6 incháilithe le bheith curtha san áireamh le dul chun cinn a dhéanamh go dtí Staid 2 de chláir ghaolmhara chomhaontaithe, m.sh. Baitsiléir Gnó (Leibhéil 7/8). Is féidir cur isteach ar uasiontráil ar www.gmit.ie/transfer-add Féadfaidh sealbhóirí dámhachtainí QQI FET Leibhéal 6 i gcláir áirithe Troscán/Dearadh agus QQI FET Leibhéal 6 Ardteastas Ceirde i gCaibinéadacht agus Cearpantóireacht agus Siúinéireacht iarratas díreach a dhéanamh le haghaidh iontrála ar Staid 2 de chláir Leibhéal 7 i dTroscán ag Leitir Fraic. Beidh ar mhic léinn incháilithe d’iontráil i gcláir Dearadh Troscán, Déantúsaíocht agus Teicneolaíocht dul faoi agallaimh agus pas a fháil i dtástáil phraiticiúil sula n-ofrálfar áit i mbliain a 2 dóibh. Le haghaidh tuilleadh eolais agus chun liosta de chúrsaí incháilithe d'uasiontráil: www.gmit.ie/apply/further-education-students Carnadh Creidiúintí agus Teastasú Modúl (CCTM) Is scéim nuálach é CCTM faoinar féidir staidéar a dhéanamh ar bhonn an mhodúil aonair. Bronntar teastais mhodúil ar rannpháirtithe rathúla agus féadfar creidiúintí a charnadh i dtreo lándámhachtana. Déanann an Institiúid roinnt clár tráthnóna a thairiscint freisin tríd an scéim seo. Tá formhór na gclár lánaimseartha ag GMIT ar fáil ar bhonn CCTM.

Aitheantas agus Creidiúnú as Réamhfhoghlaim Nuair a chláraíonn tú le haghaidh cláir i GMIT, b’fhéidir go mbeimid in ann creidiúint a thabhairt duit as ábhair ar bith a bhfuair tú pas iontu ar chlár eile in institiúid nó in ollscoil eile. Le haghaidh tuilleadh eolais tabhair cuairt ar www.myexperience.ie. Murar chuir tú clár i gcrích in institiúid eile, ach gur ghnóthaigh tú pas i ngach ábhar nó i roinnt ábhar de chuid na chéad bhliana, tharlódh go dtabharfaí creidiúint duit trí dhíolúine a thabhairt duit ó na hábhair a bhfuair tú pas iontu – mar shampla, má ghnóthaigh tú pas sna hábhair uile sa chéad bhliain d’fhéadfadh sé go ligfí duit dul ar aghaidh go díreach go dtí bliain a dó. Is é a thugtar air sin ná Aitheantas as Réamhfhoghlaim (ARF). Roghnú Ní mheasfar mar bhailí ach iarratais a fuarthas faoin dáta dlite do sheisiún tairisceana an tsamhraidh. Féadfar iarratais dhéanacha a chur san áireamh i ndiaidh seisiún athshuite scrúduithe an fhómhair, faoi réir ag infhaighteacht áiteanna. Tar éis do thorthaí sheisiún scrúduithe an tsamhraidh a bheith foilsithe, beidh na critéir seo a leanas i bhfeidhm le haghaidh iarratasóirí ar áiteanna ar gach clár forlíontach: (i) Déanfar áiteanna a thairiscint d’iarratasóirí GMIT, in ord laghdaitheach feidhmíochta, go dtí go mbeidh líon na n-áiteanna atá ar fáil ídithe. (ii) Má bhíonn áiteanna fós gan líonadh, déanfar áiteanna a thairiscint d’iarratasóirí seachtracha, in ord laghdaitheach feidhmíochta, go dtí go mbeidh líon na n-áiteanna atá ar fáil ídithe. (iii) Tar éis torthaí scrúduithe sheisiúin an fhómhair a bheith foilsithe, déanfar áiteanna ar bith a bheidh fós gan líonadh a thairiscint do na hiarratasóirí sin a mbeidh dámhachtainí GMIT gnóthaithe acu sa seisiún sin, in ord laghdaitheach feidhmíochta, go dtí go mbeidh líon na n-áiteanna atá ar fáil ídithe. (iv) Ina dhiaidh sin, mura mbeidh áiteanna gan líonadh fós, déanfar iad a thairiscint do gach iarratasóir cáilithe a bheidh fágtha, ar a n-áirítear iarratasóirí déanacha, in ord laghdaitheach feidhmíochta. Tairiscintí Gnáthchéimeanna Forlíontacha Baitsiléara/Céimeanna Baitsiléara Onóracha/Aistrithe: Déanfaidh an Institiúid tairiscintí ó mhí an Mhárta ar aghaidh do mhic léinn an GMIT ar chláir neamhshrianta agus ó mhí an Mhárta ar aghaidh do mhic léinn seachtracha ar chláir neamhshrianta de réir mar atá áiteanna ar fáil. Staidéar Briste/Iarchur Déanfar an áit a thairiscint in athuair sa ghnáthchúrsa sa chéad bhliain acadúil eile do mhic léinn a bhris a gcuid staidéir agus ar tugadh iarchur dóibh. Ceirdeanna Innealtóireachta (Ardteastas Ceirde QQI FET Leibhéal 6) Déantar printísigh cheirde a earcú go díreach isteach sna ceirdeanna trí chur isteach ar jab, ar an gcéad dul síos, le conraitheoir aonair, le cuideachta nó le gnólacht conraitheoireachta mar phrintíseach agus ansin trí chlárú go cuí le SOLAS/Boird Oideachais & Oiliúna. Ní chuireann printísigh isteach ar áiteanna ar chláir phrintíseachta chuig an Institiúid. Cláir Thráthnóna agus Cláir Pháirtaimseartha Tá sonraí le fáil ar láithreán gréasáin na hinstitiúide. Campas na Gaillimhe: www.gmit/llg Campas Mhaigh Eo: www.gmit/llm

203

Powered by